Oidhreacht ón mBaile - Mary Ellen (Molly) Adrien

10 M adrien pic (002)

Rugadh Mary Ellen (Molly) Adrien ar an 25 Meán Fómhair 1873. Tá cuimhne uirthi mar dhuine de 'mhná na Réabhlóide' i bhFine Gall. Chuaigh Molly le Cumann na mBan tar éis a bhunaithe in Aibreán 1914 agus deirtear go raibh ról tábhachtach aici i mbrainse Lusca a bhunú. Tugadh ordú do Chumann na mBan Domhnach Cásca 1916 cruinniú le chéile ag an Eaglais Dhubh i mBaile Phib, ach tugadh freasordú agus cuireadh ar shiúl iad le fanacht ar aisghairm. Ach d'fhan Molly sa chathair agus roghnaíodh í chun ordú Mhic Phiarais le héirí amach a thabhairt chuig ceannaire Óglaigh na hÉireann, Joseph Lawless, agus ina dhiaidh sin chuig Ceannasaíocht Thomáis Ághais de Bhriogáid Thuaisceart an Chontae. Chuaigh an gaiscíoch mná isteach is amach ón gcathair ar a rothar le linn sheachtain an éirí amach. Cuireadh Tomás Ághas isteach í lena chás a chur in iúl don Phiarsach. I ndiaidh chath Chill Dhéagláin, tógadh na daoine a goineadh chuig an Dr Richard Hayes (oifigeach leighis Aontas Bhaile an Ridire). Thug dhá bhanaltra tacaíocht dó, duine acu Molly Adrien. Bhí ceangal seanbhunaithe idir Aontas Bhaile an Ridire agus Molly faoin am sin, agus ba í an chéad bhean í a bhí ar a Bhord. Nuair a chuaigh sí isteach sa seomra boird den chéad uair, cuireadh gártha molta roimpi. Dúirt an Cathaoirleach TL Smyth gur mhór an onóir dó a bheith i gceannas nuair a tugadh isteach an chéad chaomhnóir mná ar an mBord. Cheap sé le tamall fada, ar seisean, gur fhulaing an Bord mar gheall ar easpa rannpháirtíocht ban (tuairiscithe sa Drogheda Independent, 11 Iúil 1914). Poblachtach diongbháilte ba ea í Molly agus bhí sí ina ball gníomhach d'Óglaigh na hÉireann le linn Chogadh na Saoirse agus an Chogaidh Cathartha. In 1920, nuair a d'iarr an rialtas áitiúil ar rochtain ar leabhair Aontas Bhaile an Ridire, dúirt sí gur ghlac siad mion dílseachta do Dháil Éireann agus nach mbeidís ag géilleadh d'aon údarás eile. Rinneadh cur síos uirthi ina scéal iarbháis mar 'dhuine de na mná is fearr as Fine Gall'. Tá níos mó taifead faoi rannpháirtithe éirí amach 1916 le fáil sna Cartlanna Míleata