Oidhreacht ón mBaile - Teach Brazil

Heritage from home 14

Séadchomharthaí seandálaíochta agus struchtúir chosanta atá sna céadta suíomh i bhFine Gall. Sampla díobh sin is ea Teach Brazil (mar a rinne na seandálaithe taifead air) nó Teach Brazeel (dar leis na hailtirí).  Iaráit chónaithe an teaghlaigh Bolton a bhí ann, ar dhlíodóirí mór le rá go leor díobh. Bhí Sir Richard Bolton ina measc, ar Ard-Seansailéir na hÉireann le linn ré Shéarlais a hAon é. Scrios tine an teach in 1810 agus leagadh é go hiomlán in 1978 le cead ó Oifig na nOibreacha Poiblí http://archiseek.com/2014/brazeel-house-brackenstown-co-dublin/ Thóg Sir Richard Bolton, ar Ard-Seansailéir na hÉireann le linn ré Shéarlais I é, Teach Brazil thart ar 1632-1640. Bhí an teach dhá stór leagtha amach mar dhronuilleog. Bhí níos mó ná binn amháin ag an teach agus simléir ag teacht amach as na beanna. Bhí oigheann ag ceann acu. Bhí na stoic shimléir déanta le brící agus bhí stuaraí agus siogairlíní maisiúla plástair ag na simléir. Clúdaíodh an obair chloiche le plástar éadrom ar a raibh bailchríoch beagán garbhtheilgthe. Ag na cúinní agus thart ar na hoscailtí, úsáideadh dearadh ar leith chun bail níos fíneálta a chur ar an dromchla. Bhí brící fíneálta ag tacú le háirsí na mbeann ar fad. Tugadh léiriú ar an teach ar léarscáileanna an Chéad Eagrán den tSuirbhéireacht Ordanáis mar 'Brazil house in ruins'. Rinneadh damáiste dó sa tine sa 19ú haois agus leagadh é sa deireadh in 1977 (Anon 1918, 191, Pl XV; Knight of Glin, Griffin, D & Robinson, K, 1988). https://webgis.archaeology.ie/historicenvironment/