Oidhreacht ón mBaile - Foraoisí agus Coillte Nádúrtha na hÉireann

Heritage from home 13

D'ainneoin a gcreideann an pobal i gcoitinne, rinneadh formhór fhoraoisí nádúrtha na hÉireann a ghlanadh roimh 1600. Rinneadh cuid mhaith den ghlanadh sin san aimsir réamhstairiúil. Sa mheánaois bhí coillte agus agus roschoillte scaipthe ar fud Fhine Gall ach bhí an cumhdach foraoise an-íseal go deo sa 17ú haois. Ba thalamh coille cuid mhór den suíomh ar a bhfuil Baile Bhlainséir sa lá atá inniu, agus tugadh an Great Scalwood ar an gceantar. Eagraíodh ciondíothú ar mhic thíre sa Great Scaldwood in 1652. I measc na gcontúirtí sa cheantar, bhí ropairí agus gadaithe ann. Ba theach ósta é an Red Lyon, gar do Dhúbóthar, arbh fhéidir leis an lucht taistil 'a raibh faitíos orthu roimh dhainséir na gcoillte míchlúiteacha i ndiaidh thitim na hoíche' stopadh ann ar feadh na hoíche. Mar gheall ar an titim leanúnach ar líon na gcrann, bhí nós ann san 18ú haois agus sa 19ú haois crainn a phlandú i ndiméinte. Spreag Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath an cleachtas sin ó 1740 ar aghaidh, agus tá an cleachtas le brath sna diméinte ag Teach Dhroichead Nua agus ag Caisleán Mhullach Íde.  Tugann roinnt logainmneacha le fios talamh coillte a bhí ann, cosúil le Cluain Saileach, Saileog (áit na saileach) agus An Ros (cineál coille), agus anois is arís tá roinnt béaloidis fós ann. Tá crann ann gar do Thuirbhe nach dtagann i mbláth riamh agus deirtear gur crochadh fear darbh ainm Daw, ar dhúnmharfóir é, ar an gcrann. Deirtear faoin áit sin go bhfásann féar dearg ar chúl tí gar dó sin, áit a ndeirtear faoi gur ghlan sé fuil de scian ann. Bhí claífort timpeall ar chrann Carney (nó Carney's Tree) ar an mbóthar ó Bhaile Coinín go Baile an Ridire roimhe seo. Ba shean-nós é, nuair a bhíodh sochraid ag dul thart, corpán a iompar timpeall an chrainn faoi thrí agus é a leagan ar an gclaífort ar feadh tamaillín sula gcuirtí tús leis an turas go dtí an áit adhlactha arís. Ar an drochuair, tháinig galar ar chrann Carney agus cuireadh crann nua ina áit sna 1990idí. Tá Bailiúchán na Scoileanna ar fáil ag www.duchas.ie