Fingal Coastal Way hero

Fingal Coastal Way

Discover More

Glasbhealach molta is ea Bealach Cósta Fhine Gall a shíneann ó Dhiméin an Droichid Nua i nDomhnach Bat go teorainn chontae Fhine Gall, ó thuaidh ó Bhaile Brigín. Séard an fad iomlán a bheidh sa scéim ná thart ar 32km, ag brath ar an mbealach deiridh a roghnófar. Beartaítear go mbeadh Slí Chósta Fhine Gall ina scéim shuaitheanta don turasóireacht sa chontae a mbeidh an cumas aici geilleagar na turasóireacht áitiúla a chur chun cinn agus a fheabhsú.

Tá suirbhé ar chónaitheoirí Cheantar Shráid na Cé sna Sceirí amháin (Sráid na Cé, An Charraig Liath, An Chearnóg, An Trá Thuaidh agus Lána an Chaidéil) ar oscailt anois maidir le socruithe féideartha na tráchta . Seoladh litir i leith an tsuirbhé seo chuig chuig gach teaghlaigh lena bhaineann. Cliceáil anseo le haghaidh an tsuirbhé a chríochnú.

Thainig an Comhairliúchán Poiblí ar an gcéim seo de na tograí chun críche Déardaoin an 22 Nollaig 2022. Cliceáil anseo le haghaidh tuarascáil an chomhairliúcháin a fheiceáil.

Cliceáil anseo le haghaidh na n-aighneachtaí agus na faisnéise a fuarthas le linn céim Roghnú an Bhealaí (sa bhliain 2021) a fheiceáil.

44%
Díobh a deir go gcuideodh raonta cosanta na rothar/glasbhealaí leo tuilleadh rothaíochta a dhéanamh
72%
Díobh a dtabharfadh tacaíocht do bhuneagar fisiciúil don rothaíocht fiú má chiallaíonn a leithéid go mbeadh níos lú spáis ar fáil do thrácht
28%
De chónaitheoirí Fhine Gall a dúirt nach mbíonn siad ag rothaíocht ach gur mhaith leo
96%
An méadú ar an rothaíocht le linn Covid de réir Rothaíocht Éireann