Cúlra an Tionscadail

fingal coastal way study area

Is príomhchuspóir de Phlean Forbartha Fhine Gall bealach a phleanáil agus a fhorbairt a chomhtháthaíonn bealach coisithe agus rothaíochta cósta le suíomhanna oidhreachta idir nádúrtha agus tógtha agus ag an am céanna cothromaíocht a bhaint amach idir a leithéid de shuíomhanna a chaomhnú agus úsáidí poiblí mar shampla fóillíocht, áineas agus turasóireacht.

 

Ta breac-chuntas tugtha i bPlean Forbartha Fhine Gall ar go leor beartas agus cuspóirí chun bealach a chomhtháthaíonn bealach coisithe agus rothar cósta le suíomhanna oidhreachta idir nádúrtha agus tógtha a phleanáil agus a fhorbairt agus ag an am céanna cothromaíocht a bhaint amach idir a leithéid de shuíomhanna a chaomhnú agus úsáidí poiblí mar shampla fóillíocht, áineas agus turasóireacht. Aithníonn sé roinnt bealaí beartaithe rothaíochta freisin laistigh den limistéar staidéir a d’fhéadfadh forluí le Bealach Cósta Fhine Gall.

Tá bealach táscach do Bhealach Cósta Fhine Gall cuimsithe  freisin i bPlean Líonra Rothaíochta Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Mar sin féin, níl an bealach is fearr atá ag teacht chun cinn den scéim Bhealach Cósta Fhine Gall teoranta don bhealach táscach imlínithe.

Beidh an scéim atá beartaithe mar an chuid is faide ó thuaidh de Bhealach Cósta Fhine Gall agus nascfaidh sí go díreach le scéim Bhealach an Mhóinéir Leathain i nDiméin Dhroichid Nua. Nuair a bheidh sé críochnaithe is bealach iomlán coisithe agus rothaíochta a bheidh ann feadh chósta Fhine Gall idir Baile Brigín agus Binn Éadair

Buntáistí na Scéime

Beidh raon buntáistí le baint as Bealach Cósta Fhine Gall lena n-áirítear:

  • Meas a léiriú ar shuíomhanna íogaire comhshaoil agus oidhreachta agus gníomhaíocht áineasa orthu a bhainistiú;
  • Gníomhaíochtaí áineasa a chur chun cinn;
  • Gníomhaíocht choirp, sláinte agus folláine a chur chun cinn;
  • Nascacht idir Diméin an Droichid Nua, Domhnach Bat, An Ros, Loch Sionnaigh, na Sceirí agus Baile Brigín agus limistéar Fhine Gall Thuaidh i gcoitinne a fheabhsú;
  • Bealach sábháilte agus tarraingteach siúil agus rothaíochta a chruthú chun críocha fóillíochta, turasóireachta agus comaitéireachta;
  • Aistriú chuig modhanna iompair inbhuanaithe mar shampla siúl, rothaíocht agus iompar poiblí a éascú;
  • Turasóireacht a spreagadh chun tacú le geilleagair áitiúla agus réigiúnacha;

Cuspóirí na bpleananna forbartha réigiúnacha agus náisiúnta a chomhlíonadh.