€200,000 bronnta ar Chomhairle Contae Fhine Gall faoin gCiste Cánach Carbóin chun slí a roghnú do Bhealach Cósta Fhine Gall.

Tá fáilte curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall roimh €200,000 a leithdháileadh le haghaidh Bealach Cósta Fhine Gall, bealach siúil agus rothaíochta ardchaighdeáin de 32km a théann ó Dhiméin an Ghráinseach Nua i nDomhnach Bat go dtí teorainn an chontae taobh ó thuaidh de Bhaile Brigín.

Is í an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil a bhronn an cistiú faoin gCiste Cánach Carbóin 2020, agus úsáidfear é chun an próiseas maidir le bealach a roghnú don infreastruchtúr glasbhealaigh a chur chun cinn.

Bhí an leithdháileadh seo mar chuid den leithdháileadh iomlán de €4.5m a úsáidfear chun 26 glasbhealach ar fud an chontae a phleanáil agus a dhearadh.

Is éard a bheidh i mBealach Cósta Fhine Gall ná bealach siúil agus rothaíochta ardchaighdeáin, sábháilte agus a  thagann go maith leis an timpeallacht, a nascfaidh Diméin an Ghráinseach Nua, Domhnach Bat, An Ros, Loch Sionnaigh, na Sceirí agus Baile Brigín.

Tar éis sraith de chomhliúcháin phoiblí a reáchtáil go déanach in 2019 i dtaca leis na deiseanna agus na srianta a bhaineann le Bealach Cósta Fhine Gall, táthar anois ag obair ar bhealach a roghnú.

Tá sé i gceist comhairliúchán poiblí neamhreachtúil a reáchtáil in 2020, a leagfaidh amach líon beag de bhealaí (c.3-5 rogha) thar an réimse talaimh go léir, agus beidh cur síos ann ar gach rogha. Úsáidfear an t-eolas agus na tuairimí a bhailítear chun iarratas pleanála agus measúnacht timpeallachta a ullmhú in 2021 agus cuirfear an t-iarratas isteach go luath in 2022.

Ar deireadh nascfaidh an tionscadal suaitheanta le Bealach an Mhóinéir Leathain a chosnaigh €12m, bealach siúil agus rothaíochta easbhóthair a nascann Mullach Íde agus Domhnach Bat thar Inbhear álainn an Mhóinéir Leathain, a fuair cead pleanála i mBealtaine ón mBord Pleanála.

Tá tionscadal eile, an tríú ceann, ar bun. Is é sin Glasbhealach Mhullach Íde go Cill Fhionntain agus osclaíodh cuid de go hoifigiúil i Meitheamh, an píosa idir Baile Dúill agus Port Mearnóg. Táthar ag obair ar phleanáil agus dearadh sa chéad chéim eile den tionscadal chun glasbhealach Chill Fhionntain agus Mhullach Íde a nascadh, trí shráidbhaile Phort Mearnóg, agus táthar ag súil go mbeidh comhairliúchán poiblí ann níos déanaí in 2020.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr David Healy: “Fáiltím go mór roimh an leithdháileadh faoin gCiste Cánach Carbóin don tionscadal suaitheanta seo i bhFine Gall, a chuirfidh áis ardchaighdeáin ar fáil do chuairteoirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta feadh ár gcósta.

“Beidh buntáistí iontacha ar cháilíocht bheatha ár n-áitritheoirí ag teacht ón tionscadal seo mar méadóidh sé líon na ndaoine a roghnóidh bheith ag siúl agus ag rothaíocht, and sa tslí sin, laghdófar líon na ngluaisteán príobháideacha atá in úsáid, agus beidh laghdú ar astaíochtaí carbóin agus ar bhrú tráchta. Beidh feabhas ar shábháilteacht do rothaithe trí áiseanna easbhóthair rothaíochta faoi leith a sholáthar, chomh maith le feabhas a chur ar chaighdeán an aeir.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly: “Tá clár uaillmhianach d’infreastruchtúr glasbhealach á seachadadh ag Comhairle Contae Fhine Gall faoi láthair. Beidh Bealach Cósta Fhine Gall ina áis iontach. Beidh buntáistí suntasacha ag gabháil leis na glasbhealaí ar fad maidir le  hiompar inmharthana, le forbairt eacnamaíoch, leis an tsláinte agus leis an bhfolláine. Cuirfimid tús freisin le tógáil ar Ghlasbhealach an Mhóinéir Leathain, an nasc idir Caisleán Mhullach Íde agus Teach Droichead Nua, Domhnach Bat an bhliain seo chugainn.”

Dúirt Matthew McAleese, Stiúrthóir um Phleanáil agus Infreastruchtúr Straitéiseach: “Tá sé mar aidhm ag Plean Forbartha Fhine Gall 2017-2023 gluaiseacht ó Fhine Gall agus laistigh de a chur chun cinn agus a éascú, trí úsáid thalún a chomhtháthú le córas iompair ardchaighdeáin agus inmharthana a thugann tús áite don siúl, don rothaíocht agus don iompar poiblí. Is dlúthchuid den sprioc sin é Bealach Cósta Fhine Gall, a chuirfidh áis ardchaighdeáin ar fáil do chuairteoirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.”

Dúirt Paul Carroll, Innealtóir Sinsearach: “Táimid ag forbairt líonra de ghlasbhealaí ardchaighdeáin mar chuid dár gclár infreastruchtúr iompair inmharthana i gcoitinne. I gcomhthéacs réigiúnach, beidh Bealach Cósta Fhine Gall ina chuid de Chonair an Chósta Thoir, agus cuirfidh sé bealach sábháilte, díreach agus áisiúil ar fáil do shiúlóirí agus do rothaithe idir Cathair Bhaile Átha Cliath, Fine Gall agus an Mhí, agus ar deireadh nascfar Lú le Cill Mhantáin agus le Loch Garman.”