Cead tugtha do Bhealach Coisithe agus Rothar Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill

Tá cead pleanála Cuid 8 tugtha ag Comhairle Contae Fhine Gall do Bhealach Coisithe agus Rothar Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill i mBaile Brigín a sholáthróidh bealaí sábháilte, deighilte rothaíochta agus coisithe do chónaitheoirí agus do pháistí scoile.

Harry Reynolds road pedestrian and cycle route map

Tá cead pleanála Cuid 8 tugtha ag Comhairle Contae Fhine Gall do Bhealach Coisithe agus Rothar Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill i mBaile Brigín a sholáthróidh bealaí sábháilte, deighilte rothaíochta agus coisithe do chónaitheoirí agus do pháistí scoile.

Ag costáil thart ar €8.5 milliún, maoineoidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair an bealach 3 ciliméadar mar chuid de Phlean Líonra Rothaíochta Cheantar Bhaile Átha Cliath agus is gné thábhachtach í den líonra taistil inbhuanaithe agus gníomhach atá ag forbairt sa bhaile. 

Ag nascadh roinnt scoileanna agus áiseanna áitiúla agus ag freastal ar chuid mhór den daonra áitiúil, soláthróidh an scéim atá maoinithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair nasc amach anseo freisin le glasbhealach Bealach Cósta Fhine Gall atá beartaithe, a thosóidh comhairliúchán poiblí ina leith maidir le roghanna bealaigh sna seachtainí atá amach romhainn freisin.   

Bhí an scéim mar chuid de na gníomhartha tosaíochta (“20 rud sa chéad 12 mí”) a thug Comhairle Contae Fhine Gall gealltanas ina leith mar chuid de “Ár bPlean Athnuachana Bhaile Brigín 2019-2025”.

Cuimsíonn an scéim atá beartaithe roinnt príomhbheart chun áiseanna coisithe agus rothaíochta a fheabhsú sa cheantar, lena n-áirítear;

  • Rotharbhealaí agus cosáin sábháilte, deighilte
  • Trasrianta coisithe nua, táblaí ardaithe agus bearta maolaithe tráchta eile 
  • Timpealláin agus trasrianta nua atá níos sábháilte do rothaithe agus do choisithe
  • Tírdhreachú fairsing lena n-áirítear plandáil bhreise crann agus fál sceach 
  • Bearta maolaithe tráchta agus rothaíochta sábháilte ar na bóithre isteach chuig campas scoile Coláiste Pobail Ard Giolláin/Educate Together Na Raithní.

Léirigh roinnt aighneacht a fuarthas le linn an phróisis phleanála imní mar gheall ar thioncar na scéime ar chrainn. Leasaíodh an dearadh ceadaithe chun níos mó de na crainn atá ann cheana a choinneáil agus lena n-áirítear freisin plandáil shuntasach crann nua ag suíomhanna éagsúla feadh chonair an bhealaigh.

Tar éis tairiscintí ó chomhairleoirí áitiúla ag cruinniú Dé Luain, thug Comhairle Contae Fhine Gall tiomantas freisin oibriú leis an bpobal áitiúil chun píosa ealíne poiblí a sholáthar mar chuid den scéim.

Soláthrófar an scéim go luath i 2021 d’fhonn tús a chur leis an tógáil níos déanaí sa bhliain, le ré thógála thart ar 18 mí.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Fáiltím roimh cheadú na Comhairle do scéim Bealach Coisithe agus Rothar Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill. Is cuid de thiomantas ar fud an chontae é maidir le taisteal gníomhach atá lárnach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus sláinte phoiblí a chosaint."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Chomh maith le bheith ina céim thábhachtach i dtreo roghanna iompair inbhuanaithe a sholáthar do phobail, léiríonn an fhorbairt seo tiomantas leanúnach Chomhairle Contae Fhine Gall do Ár mBaile Brigín. Táimid buíoch dár gcomhpháirtithe, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, dá dtacaíocht leanúnach maidir leis an scéim seo a sheachadadh, agus do thacaíocht an phobail áitiúil agus comhairleoirí áitiúla tríd an bpóiseas comhairliúcháin.”

Dúirt Michael Aherne Ceann Forbartha Iompair san Údarás Náisiúnta Iompair: “Tá an-áthas ar an Údarás Náisiúnta Iompair infheistíocht a dhéanamh sa tionscadal 3 ciliméadar seo, rud a ligfidh do dhaoine i mBaile Brigín siúl nó rothaíocht chuig fostaíocht áitiúil, páirceanna agus go háirithe chuig roinnt scoileanna go sábháilte agus go caothúil. Tá daonra Bhaile Brigín chomh óg agus ag fás i gcónaí agus mar sin tá bonneagar ardchaighdeáin mar seo riachtanach chun ligean don bhaile forbairt go rathúil agus ar bhealach inbhuanaithe.