Ceisteanna Coitianta

Is cuspóir seanbhunaithe é Bealach Cósta Fhine Gall aitheanta i bPlean Forbartha Fhine Gall agus i bPlean Líonra Rothaíochta Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Cuirfidh sé bealach siúil agus rothaíochta cósta ar ardchaighdeán, atá sábháilte, tarraingteach agus báúil ó thaobh an chomhshaol de ar fáil agus déanfaidh sé Domhnach Bat, Ros, Loch Sionnach, na Sceirí, Baile Brigín agus limistéar Fhine Gall Thuaidh i gcoitinne a nascadh.

Tá sé beartaithe gur féarbhealach tuaithe agus uirbeach a bheidh ann a spreagfaidh turasóireacht agus áineas agus tabharfaidh sé rogha tarraingteach inbhuanaithe iompair do chónaitheoirí agus do ghnólachtaí, do leanaí scoile agus do chomaitéirí, agus cruthóidh sé buntáistí suntasacha comhshaoil, geilleagracha agus sláinte do Fhine Gall cosúil le Féarbhealach Mór an Iarthair i Maigh Eo agus Féarbhealach Phort Láirge.

Nascfaidh an scéim le háiseanna eile i bhFine Gall mar shampla an glasbhealach ó Bhaile Dúill go Port Mearnóg a críochnaíodh le déanaí agus Bealach an Mhóinéir Leathain atá le tógáil go luath chun bealach inrochtana tarraingteach a sholáthar feadh Chósta Fhine Gall.

Tá foireann an tionscadail anois tar éis tabhairt faoin gcéad chéim de phróiseas measúnaithe bealaigh dhá chéim lena n-aithneofar sa deireadh an Bealach is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn do Bhealach Cósta Fhine Gall.

Is é ábhar an chomhairliúcháin phoiblí seo an chéad chéim den phróiseas chun rogha bealaigh a aithint agus a mheas.

Is mian linn deis a thabhairt don phobal aon tuairimí agus ceisteanna ábhartha ar na bealaí aitheanta agus ar an measúnú go dtí seo a chur in iúl. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar aiseolas, breithneofar aon athruithe iomchuí a d’fhéadfadh a dhéanamh ar na roghanna bealaigh

Tá foireann an tionscadail anois tar éis tabhairt faoin gcéad chéim de phróiseas measúnaithe bealaigh dhá chéim lena n-aithneofar sa deireadh an Bealach is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn do Bhealach Cósta Fhine Gall.

Is é ábhar an chomhairliúcháin phoiblí seo an chéad chéim den phróiseas chun rogha bealaigh a aithint agus a mheas.

Is mian linn deis a thabhairt don phobal aon tuairimí agus ceisteanna ábhartha ar na bealaí aitheanta agus ar an measúnú go dtí seo a chur in iúl. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar aiseolas, breithneofar aon athruithe iomchuí a d’fhéadfadh a dhéanamh ar na roghanna bealaigh

Is é cuspóir na hócáide seo an pobal a choinneáil ar an eolas maidir dul chun cinn go dáta ar Bhealach Cósta Fhine Gall agus aiseolas a fháil ar liosta fada agus gearrliosta na mbealaí aitheanta. Tá súil againn eolas áitiúil a fháil, riachtanais agus ábhair imní na bpobal áitiúil a aithint, agus aird a tharraingt ar na buntáistí agus ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an scéim atá beartaithe.

Chuaigh an phaindéim COVID-19 i bhfeidhm ar ár bhfonn an ócáid rannpháirtíochta poiblí a reáchtáil go beo, agus mar thoradh air sin bhí bhí orainn an ócáid a bhogadh ar líne. Cé go ndeachaigh na himeachtaí gan choinne seo i bhfeidhm uirthi i dtéarmaí amlíne an tionscadail, rachaidh an scéim ar aghaidh mar atá beartaithe.

 

Is cuspóir na scéime bealach a bhfuil an leibhéal is airde seirbhíse aige a bhaint amach. I bhfianaise na srianta fisiciúla a thiocfaidh orthu ar fud an limistéir fhairsing staidéir, ní mór gach rogha maidir le deighilt agus comhtháthú idir gach cineál úsáideora a mheas.

Dá réir sin, samhlaítear go mbeidh úsáideoirí an bhealaigh ghlas deighilte den chuid is mó ó fheithiclí d’fhormhór mór na scéime, ach breithneofar roinnt beart spáis roinnte i gcás nach féidir deighilt iomlán a bhaint amach. Mar sin féin, bheadh siad seo teoranta do stráicí gearra, i limistéir bhailte den chuid is mó, agus beidh méid agus luasanna tráchta an-íseal.

Ina theannta sin, samhlaítear go roinnfidh rothaithe agus coisithe an féarbhealach féin.

Agus é sin ráite, beag beann ar an gcineál áiseanna a mholfar sa deireadh, déanfar iad seo a dhearadh sa chaoi is go ndéanfar sábháilteacht na n-úsáideoirí is leochailí a mheas ar dtús.

 

Meastar go mbeidh Bealach Cósta Fhine Gall amach den chuid is mó ón ngréasán bóithre reatha, go ginearálta ag dul trasna suíomhanna úrnua a ligfidh dúinn an bealach a dhearadh chun a chur síos mar ghlasbhealach cósta a chomhlíonadh ar an mbealach is fearr.

Sna ceantair ina moltar an go rithfidh an féarbhealach feadh an ghréasáin bóithre reatha, déanfar úsáideoirí an fhéarbhealaigh a dheighilt ón trácht feithiclí i bhformhór na láithreacha.

Chun é seo a chur i bhfeidhm, áfach, agus chun cáilíocht seirbhíse don ghlasbhealach a chinntiú, féadfar bearta ar nós córais aonbhealaigh, córais tointeála agus carrbhealaí cúnga a chur i bhfeidhm nuair is gá lena chinntiú go ndéantar cáilíocht na seirbhíse don ghlasbhealach a chothabháil. I gceantair áitiúla áirithe, nuair nach féidir bearta deighilte a chur i bhfeidhm de bharr srianta, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar fheithiclí roinnt le húsáideoirí eile bóithre i méideanna ísle agus ar luas íseal.

Meastar go bhféadfadh éifeacht dhearfach a bheith ag na bearta seo ar shábháilteacht tráchta ar an iomlán má chuirtear i bhfeidhm iad mar gheall ar líon íseal feithiclí agus luas níos ísle

Tá go leor oibre le déanamh chun an bealach is fearr atá ag teacht chun cinn a aithint agus chun na measúnuithe dearaidh agus comhshaoil riachtanacha a dhéanamh sula gcuirfear isteach iarratas pleanála. Mar sin tá sé beartaithe gur dóigh go gcuirfear iarratas pleanála faoi bhráid an Bhoird Phleanála faoi R4 2022

Dearfar an scéim i gcoitinne de réir na gcaighdeán dearaidh Éireannach ábhartha ar nós an Lámhleabhar Rothaíochta Náisiúnta, an Lámhleabhar dearaidh do Bhóithre agus Sráideanna Uirbeacha agus an Dearadh Rothaíochta Tuaithe de chuid Bhonneagar Iompair Éireann. Mar sin féin, molfar breithniú ar an gcleachtas is fearr go hidirnáisiúnta le linn an phróisis fhorbartha agus dhearaidh de na roghanna bealaigh agus an rogha bealaigh is fearr atá ag teacht chun cinn agus an fhoireann dearaidh ag féachaint i gcónaí ar na scéimeanna is fearr a thógtar ar fud na hEorpa. Ina theannta sin cuirfidh an dearadh san áireamh na tionchair ar an gcomhshaol, saincheisteanna áitiúla agus aiseolas ón bpobal lena chinntiú go soláthraíonn an scéim chríochnaithe an t-eispéireas úsáideora is fearr agus is féidir.