Tús curtha leis an dara babhta comhairliúcháin ar an tionscadal suaitheanta Bealach Cósta Fhine Gall

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall tús leis an dara babhta comhairliúcháin phoiblí ar Bhealach Cósta Fhine Gall, an glasbhealach coisithe agus rothaíochta cósta beartaithe don 32km ó Dheiméin an Droichid Nua i nDomhnach Bat go dtí ó thuaidh de Bhaile Brigín.

Fingal Coastal Way Concept 3

Chun deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara aiseolas a thabhairt ar na roghanna bealach féideartha, reáchtalfar comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar líne ar siúl ón 15 Aibreán go dtí an 27 Bealtaine. Mar gheall ar shrianta reatha sláinte poiblí maidir le cruinnithe, ní féidir seisiún chomhairliúcháin poiblí traidisiúnta beo a thionól, mar sin, in ionad seo, tá méid suntasach ábhair chúlra curtha ar fáil ar thairseach chomhairliúcháin Chomhairle Contae Fhine Gall, ar féidir teacht air ag fingal.ie/fingalcoastalway.

 

Táthar ag súil le go mbeidh an fhaisnéis a bhaileofar mar chuid den chleachtadh seo ina bonn eolais do mheasúnú agus do dhearadh na scéime agus go gcabhróidh sé le foireann an tionscadail an bealach is fearr don scéim a aithint, d’fhonn comhairliúchán breise a dhéanamh ar an mbealach is fearr in 2021 agus i ndeireadh na dála iarratas foirmiúil pleanála a dhéanamh leis mBord Pleanála in 2022.

Seachadfaidh an scéim sainchomharthach seo bonneagar féarbhealach a mbeidh tábhacht náisiúnta leis agus é maoinithe ag an Roinn Iompair (faoina ciste Cánach Carbóin), ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (faoin gCiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí) agus ag Comhairle Contae Fhine Gall.

Nuair a bheidh sé críochnaithe, nascfaidh an tionscadal suaitheanta le Bealach an Mhóinéir Leathain €12m, bealach easbhóthair 6km rothaíochta agus siúil a nascann Mullach Íde agus Domhnach Bat trasna Inbhear scéimhiúil an Mhóinéir Leathain, ar thug an Bord Pleanála cead pleanála dó i mí na Bealtaine. Tá dearadh agus pleanáil á chur chun cinn freisin ar Ghlasbhealach Mhullach Íde go Cill Fhionntain a nascfaidh stráice Bhaile Dúill go dtí Port Mearnóg  a osclaíodh le déanaí le Cill Fhionntain agus Mullach Íde, trí shráidbhaile Phort Mearnóg.

Fingal Coastal Way hero

Dúirt Méara Chomhairleoir Fhine Gall, David Healy: “Is cuid ríthábhachtach den bhonneagar taistil gníomhigh é Bealach Cósta Fhine Gall atá á chur chun cinn ag Comhairle Contae Fhine Gall. Molaim do chónaitheoirí agus do pháirtithe leasmharsa féachaint ar na pleananna agus a dtuairimí ar an bpróiseas leanúnach um roghnú bealaigh a chur in iúl.

 

 “Is iomaí buntáiste a bhaineann le féarbhealaí, idir aer níos glaine agus sláinte phoiblí fheabhsaithe, astaíochtaí carbóin níos ísle agus deiseanna áineasa agus turasóireachta nua. Chonaiceamar an tionchar dearfach eacnamaíoch a bhí ag féarbhealaí ar cheantair eile ar fud na tíre, agus táim cinnte go mbeidh an tionchar céanna ag clár uaillmhianach fhéarbhealach Chomhairle Contae Fhine Gall ar Fhine Gall. "

Dúirt an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly: “Is iomaí deis a chruthaíonn Bealach Cósta Fhine Gall, ní amháin ó thaobh na turasóireachta de ach mar fhóntas luachmhar do mhuintir an chontae. Is príomhthosaíocht do Chomhairle Contae Fhine Gall é bonneagair féarbhealach a chur ar fáil agus tá roinnt blianta caite againn ag bogadh roinnt príomhthionscadal ar aghaidh trí na céimeanna pleanála agus dearaidh.

Cuideoidh forbairt glasbhealaí ar nós Bealach Cósta Fhine Gall, Glasbhealach an Mhóinéir Leathain, Glasbhealach Chill Fhionntainn go Mullach Íde, Bealach Coisithe agus Rothaíochta Harry Reynolds i mBaile Brigín agus Glasbhealach na Canálach Ríoga linn le bailte níos inbhuanaithe ina bhfuil fóntais ar ardchaighdeán acu a chruthú, agus cinnteoidh sé gurb áiteanna maithe iad le maireachtáil agus le cuairt a thabhairt orthu. Cuimsíonn ár gClár Caipitil trí bliana nua leithdháileadh €146.69m i dtreo Bonneagar Taisteal Ghníomhach agus i dtyreo Ghlasbhealach a ligfidh dúinn dul chun cinn a dhéanamh ar na tionscadail seo sna blianta amach romhainn. "

 

Dúirt an Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh Matthew McAleese: “Is cuspóir fadbhunaithe é Bealach Cósta Fhine Gall atá aitheanta i bPlean Forbartha Fhine Gall. Leis an tionscadal tábhachtach straitéiseach seo, forbrófar bealach coisithe agus rothaíochta cósta   atá sábháilte, tarraingteach agus ar an gcaighdeán is airde. Is scéim suaitheanta í do thurasóireacht sa chontae a a ligfidh dúinn an geilleagar turasóireachta áitiúil a chur chun cinn agus a fheabhsú. "

 

Dúirt Innealtóir Sinsearach Paul Carroll: “Tá sé mar aidhm ag an gcéim seo roghanna na mbealach éagsúla a chúngú agus an bealach is fóintí is fearr a aithint, i dtéarmaí innealtóireachta, comhshaoil, oidhreachta agus srianta eacnamaíocha laistigh den limistéar staidéir. Is í aidhm an bhabhta comhairliúcháin phoiblí seo pobail áitiúla a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta go dtí seo ar Bhealach Cósta Fhine Gall agus a gcuid aiseolais a fháil ar an gcaoi a mbogfaimid ar aghaidh. "

 

Is féidir aighneachtaí ar an mbabhta comhairliúcháin poiblí is déanaí seo a dhéanamh suas go dtí an 27 Bealtaine tríd an tairseach comhairliúcháin poiblí https://consult.fingal.ie/en/browse nó tríd an bpost chuig Bealach Cósta Fhine Gall, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, an Rannóg Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh , Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, Sord, Co Bhaile Átha Cliath.