Aighneach a dhéanamh

Have your Say graphic

Is í aidhm an imeachta seo an pobal a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ar Bhealach Cósta Fhine Gall agus aiseolas a fháil ar liosta fada agus ar ghearrliosta na mbealaí aitheanta.

Tá súil againn eolas áitiúil a fháil, riachtanais agus ábhair imní na bpobal áitiúil a aithint, agus aird a tharraingt ar na buntáistí agus na tionchair a d’fhéadfadh a eascairt as an scéim atá beartaithe.

Conas is féidir liom aighneacht a déanamh?

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh tríd an gceistneoir agus an fhoirm aiseolais atá curtha ar fáil a chomhlánú. De mhalairt air sin, beidh tú in ann aighneacht a dhéanamh tríd an tairseach Consult.fingal.ie, nó tríd an bpost a bhfuil sonraí ar fáil thíos.

Táimid buíoch as do chuid tuairimí agus ceisteanna ar an ábhar a chuireamar ar fáil agus iarraimid ort d'aiseolas a chur isteach ionas gur féidir linn an t-eolas sin a bhailiú d’fhonn cabhrú linn an Bealach Cósta is fearr is féidir a bhaint amach d’Fhine Gall.

Cuir do thuairim in iúl trí na pleananna a scrúdú agus trí aiseolas a thabhairt ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall nó ag  https://consult.fingal.ie/en/browse

Nó tríd an bpost chuig:

Bealach Cósta Fhine Gall,

Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach,

An Rannóg Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh,

Comhairle Contae Fhine Gall,

Halla an Chontae,

An Phríomhshráid,

Sord,

Co. Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2

Tá cóip chrua den tsraith iomlán líníochtaí i méid A3 ar fáil le ceannach ar tháille €30, arna iarraidh sin roimh ré ó [email protected]  .

Is é an 27 Bealtaine 2021 an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil agus ní mór aighneachtaí poist a fháil faoi 5in an 27 Bealtaine 2021 agus aighneachtaí ar líne le bheith faighte roimh 11.59in an 27 Bealtaine 2021.

Ní mór d’ainm, do sheoladh agus más ábhartha, an comhlacht nó an eagraíocht a ndéanann tú ionadaíocht air/uirthi a lua i ngach aighneacht.

Beidh d’ainm agus do chomhlacht nó d’eagraíocht a ndéanann tú ionadaíocht air/uirthi le feiceáil ar liosta na n-aighneachtaí.