Próiseas Forbartha agus Measúnachta Bealaigh

FCW Timeline Rev 2.png

Cad a tharla roimhe seo?

Cuireadh tús leis an tionscadal in 2019, ag tosú le Staidéar Srianta á ullmhú chun príomhshrianta agus deiseanna maidir le réimse staidéir na scéime a aithint. In éineacht leis seo, rinneadh comhairliúchán poiblí luathchéime le linn mhíonna na Samhna agus na Nollag 2019 a chuimsigh roinnt oícheanta faisnéise agus comhairliúchán ar líne.

Rinne foireann an tionscadail athbhreithniú cúramach ar an bhfaisnéis a bailíodh tríd an bpróiseas sin agus an Staidéar Srianta á chríochnú acu.

Tá príomhaiseolas an chomhairliúcháin phoiblí sin ar fáil ag an nasc seo a leanas. Go luath in 2020 tar éis an Staidéir Srianta, cuireadh tús leis an obair ar an Staidéir Fhéidearthachta agus ar an bpróiseas Measúnaithe Roghanna a chuimsíonn próiseas measúnaithe roghanna dhá chéim.

 

Cad atá ag tarlú faoi láthair?

Faoi láthair tá an scéim ag céim roghnúcháin an bhealaigh. Foilseofar roinnt roghanna féideartha bealaí ar líne ón 15 Aibreán 2021 ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall https://consult.fingal.ie/en/browse.Mar gheall ar shrianta phaindéim Covid-19 agus shláinte phoiblí ar chruinnithe, nílimid in ann imeacht comhairliúcháin poiblí traidisiúnta, beo a reáchtáil le linn an bhabhta comhairliúchán phoiblí seo. Mar sin féin, tá d’aiseolas ar an scéim fós an-tábhachtach dúinn agus molaimid duit páirt a ghlacadh sa bhabhta comhairliúchán phoiblí seo agus an ceistneoir ar líne a chomhlánú.

Tugadh faoin gcéad chéim seo maidir le roghanna bealaigh a aithint agus a mheas trí chomparáid a dhéanamh idir bealaí féideartha faoi na critéir seo a leanas: Innealtóireacht, Comhshaol agus Geilleagar de réir na gcaighdeán náisiúnta agus an chleachtais is fearr. Is é toradh an phróisis seo ná gearrliosta de roghanna bealach inmharthana a thabharfar ar aghaidh iad go dtí an chéad chéim eile den phróiseas roghnaithe bealaigh

 

Cad a tharlóidh anois?

Tar éis an próiseas comhairliúcháin phoiblí seo a bheith curtha i gcrích, déanfaimid athbhreithniú ar an aiseolas ón bpobal agus athróimid roghanna bealaigh nuair is cuí. Ansin déanfar measúnú dara céime níos mionsonraithe ar an mbealach gearrliostaithe seo. Sainaithneofar an Bealach is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn do Bhealach Cósta Fhine Gall.

Tá go leor oibre le déanamh chun an bealach is fearr atá ag teacht chun cinn a aithint agus chun na measúnuithe dearaidh agus comhshaoil riachtanacha a dhéanamh sula gcuirfear isteach iarratas pleanála. Mar sin tá sé beartaithe gur dóigh go gcuirfear iarratas pleanála faoi bhráid an Bhoird Phleanála faoi R4 2022