Fógraíonn Comhairle Contae Fhine Gall an Scéim Tacaíochta d'Ealaíontóirí, 2020.
Lorgaíonn Comhairle Contae Fhine Gall iarratais ar an Scéim Tacaíochta d'Ealaíontóirí 2020. Tugann an snáithe maoinithe seo deis d'ealaíontóirí proifisiúnta leas a bhaint as duais, ar fiú suas le €4,000 í, le haghaidh taistil agus deiseanna forbartha proifisiúnta, le haghaidh cónaitheachta, nó chun saothar a fhorbairt.