Tá Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall ag obair chun soláthar uisce a athbhunú do chustaiméirí in áiteanna de Bhaile Ghrífín tar éis príomhphíobhán uisce pléasctha.

Tá Uisce Éireann ag obair le Comhairle Contae Fhine Gall chun deisiúcháin phráinneacha a dhéanamh chun soláthar uisce a athbhunú in áiteanna de Bhaile Ghrífín. Tá criúnna ag obair chun an príomhphíobán uisce pléasctha a dheisiú chomh tapaidh agus chomh sábháilte agus is féidir.

D'fhéadfaí cur isteach ar a soláthar dul i bhfeidhm ar áitribh ar Bhóthar Pholl an Bhalla agus na deisiúcháin ar siúl. Meastar go mbeidh na deisiúcháin críochnaithe faoi 6i.n. Nuair a bheidh na deisiúcháin curtha i gcrích go rathúil, cuirfear tús le gnáthsholáthar uisce a athbhunú. D'fhéadfaí go dtógfadh sé 1-2 uair an chloig chun soláthar uisce iomlán a thabhairt ar ais de réir mar a athlíonfaidh uisce an chórais. 

 

Tá Uisce Éireann ag obair ag an am seo, lenár gcomhpháirtithe Údaráis Áitiúil, conraitheoirí agus daoine eile chun sláinte agus folláine na foirne agus an phobail a chosaint agus chun leanúnachas seirbhísí criticiúla uisce óil agus fuíolluisce a chinntiú. Ba mhaith le hUisce Éireann a mheabhrú do dhaoine comhairle FSS COVID-19 a leanúint agus níochán lámh rialta a chinntiú.