Téann Comhairle Contae Fhine Gall i ngleic le Clóis ina mBristear Carranna go mídhleathach

An raibh a fhios agat gur féidir 85% de do sheancharr a athchúrsáil nuair atá sé in am do sheancharr a chaitheamh i dtraipisí? An raibh a fhios agat go bhfuil sé de dhualgas ort de réir an dlí fáil réidh de do sheancharr i gclós conamair nó i Saoráid Chóireála Údaraithe (ATF) chun teastas scriosta a fháil (COD)? 

End of life vehicles

An raibh a fhios agat gur féidir 85% de do sheancharr a athchúrsáil nuair atá sé in am do sheancharr a chaitheamh i dtraipisí? An raibh a fhios agat go bhfuil sé de dhualgas ort de réir an dlí fáil réidh de do sheancharr i gclós conamair nó i Saoráid Chóireála Údaraithe (ATF) chun teastas scriosta a fháil (COD)? Mura dhéanann tú amhlaidh, d’fhéadfaí fíneáil €100a ghearradh ort, nó tar éis ciontú achomair i gcúirt dúiche, fíneáil suas go dtí €5,000!

Trí úsaid a bhaint as íomhánna satailíte, dróin agus eolas áitiúil, tá roinnt clóis scriosta carranna mídhleathacha aitheanta ag Comhairle Contae Fhine Gall nó laithreáin d’Fheithiclí i nDeireadh Ré (ELV). Tá sé i gceist ag an Aonad Forfheidhmiúcháin Dramhaíola gach láithreán neamhúdaraithe a thabhairt chun rialtachta atá ag feidhmiú gan cead pleanála agus gan ceadúnas saoráide in 2020 agus na láithreáin a dhúnadh nach gcomhlíonann Rialacháin an Aontais Eorpaigh 2014 (Feithiclí i nDeireadh Ré). Tá scrúdú déanta ar roinnt láithreáin d’Fheithiclí i nDeireadh Ré neamhúdaraithe agus leanfar leis an obair seo i rith 2020. Chun cinnte a dhéanamh de nach dtarlóidh a leithéid de gnhíomhaíocht mídhleathach arís, beidh monatóireacht á déanamh ag oifigí forfheidhmiúcháin dramhaíola tar éis na láithreáin seo a dhúnadh, le tacaíocht ón nGarda Síochána agus Gníomhaireachtaí Stáit eile.

Is éard atá i gceist le Feithlicil i nDeireadh Ré ná feithicil nach bhfuil ag teastáil a thuilleadh ón úinéir cláraithe agus tá sé i gceist ag an úinéir é a chaitheamh i dtraipisí, m.sh. carr nó feithicil tráchtála atá i ndeireadh ré. Is baol mór don timpeallacht é má dhéantar na feithiclí seo a stóráil agus a dhíchóimeáil gan údarú. Tá réimse ábhar guaiseach sna feithiclí seo cosúil le dramh-ola, batairí luaidhe-aigéadacha, ola bhealaithe, fuarthán agus leacht coscán a d’fhéadfadh truailliú a bheith mar thoradh air mura bhfaightear réidh de i gceart.

Baintear úsáid as láithreáin ELV neamhúdaraithe chun páirteanna a bhaint as a chéile agus chun iad a dhíol mar earraí athláimhe. Níl infreastruchtúr cuí i bhfeidm sna láitheáin seo, agus ní chomhlíonann siad an dea-chleachtas comhshaoil maidir le carranna a dhíchóimeáil agus dramhaíl ghuaiseach a bhainistiú. Má stóráiltear seanfheithiclí nó feithiclí ata damáistithe ar dhromchla scagach, d’fhéadfadh siad leacht a sceitheadh isteach sa talamh agus truailliú a chruthú.

Cabhraigh linn an timpeallacht a chosaint agus tabhair do sheancharr go dtí Saoráid Chóireála Údaraithe. Tá Ceadúnas Saoráide Dramhaíola ag na láithreáin seo mar aon leis an infreastruchtúr is gá chun Feithiclí i nDeireadh Ré a stóráil, a chóireáil agus a athshlánú ar bhealach nach ndéanfaidh dochar don timpeallacht. Is féidir leat suíomh gréasáin Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola a sheiceáil chun a fháil amach ar bronnadh ceadúnas ar láithreán - www.nwcpo.i.e. Chun bheith ina Saoráid Chóireála Údaraithe, ní mór go mbeidh Liosta Dramhaíola (LoW) Cód '16 01 04* Feithiclí Deireadh Ré’ cuimsithe sa cheadúnas.

An rud is fearr ar fad, is féidir le húinéirí seancharranna iad a fhágáil Saor in Aisce ag Saoráid Chóireála Údaraithe agus tá trí chinn ann i bhFine Gall:

1/ Gannon’s City Recovery & Recycling Services Ltd. Web: www.gannonscityrecovery.ie

2/ Industrial, Agri & Engineering Salvage Ltd. (IAES). Web: www.scrapmycar.ie

3/ St. Margaret’s Recycling and Transfer Centre Ltd. Web: www.stmargaretsrecycling.ie

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr Eoghan O’Brien: “Trí Fheithiclí i nDeireadh Ré a athchúrsáil, déanaimid cinnte de go ndéantar bainistiú cuí ar sheanpháirteanna, ábhar guaiseach san áireamh, go gcosnaímid ár bpobail agus an timpeallacht áitiúil. Tacaíonn an cur chuige seo leis an ngeilleagar ciorclach agus ag an am céanna sábháiltear amhábhar luachmhar don tionsclaíocht.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Tá feachtas ar bun chun feasacht an phobail a ardú maidir le Feithiclí i nDeireadh Ré. Tacóidh seo leis an obair atá ar bun ag an Rannóg Comhshaoil chun dul i ngleic le clóis ina mbristear carranna go mídhleathach laistigh d’Fhine Gall. Tá dul chun cinn suntasach déanta go dtí seo agus dúnadh roinnt láithreáin mídhleathacha, rud a chuireann leis an méid a athúsáidtear agus a athshlánaítear sna saoráidí údaraithe”.

Tá tuilleadh eolais ar Fheithiclí i nDeireadh Ré le fáil ag ELVES: https://www.elves.ie/How-to-Recycle  trí teagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Fhine Gall – Rannóg Comhshaoil Teil: 01 8905000, Rphost: [email protected]

Car breaking yards