Tugadh dúshlán do mhuintir Fhine Gall chun páirt a ghlacadh sa Lá ‘Bí Gníomhach’ 2020

Tá dúshlán tugtha d’Fhine Gall a bheith gníomhach ar an Domhnach, an 28 Meitheamh mar chuid den Lá Náisiúnta ‘Bí Gníomhach’ de chuid Spórt Éireann.

Tá Oifig Spóirt Fhine Gall ar cheann de 29 Comhpháirtíocht Spóirt Áitiúil sa tír atá ag teacht le chéile chun lá gníomhaíochta corpartha agus spóirt a cheiliúradh agus ba mhaith linn go mbeifeá páirteach agus gníomhach.

Be active day

Tá dúshlán tugtha d’Fhine Gall a bheith gníomhach ar an Domhnach, an 28 Meitheamh mar chuid den Lá Náisiúnta ‘Bí Gníomhach’ de chuid Spórt Éireann.

Tá Oifig Spóirt Fhine Gall ar cheann de 29 Comhpháirtíocht Spóirt Áitiúil sa tír atá ag teacht le chéile chun lá gníomhaíochta corpartha agus spóirt a cheiliúradh agus ba mhaith linn go mbeifeá páirteach agus gníomhach.

Le linn paindéime Covid-19, tá Oifig Spóirt Fhine Gall ag obair go crua chun a chinntiú go bhfanfaidh muintir Fhine Gall gníomhach go fisiceach.

Mar chuid de líonra náisiúnta de 29 Comhpháirtíocht Spóirt Áitiúil (LSP) tá athraithe déanta ag Oifig Spóirt Fhine Gall chun í féin a chur in oiriúint trí acmhainní ar líne, leabhráin chlóite agus modhanna nuálacha eile a úsáid, chun a chinntiú go mbeidh an deis ag gach duine ina bpobal taitneamh a bhaint as spórt agus gníomhaíocht choirp, chomh maith leis na tairbhí sláinte meabhracha agus fisiceacha a bhaineann leis.

Le treoirlínte idirnáisiúnta, moltar go mbíonn leanaí gníomhach ar feadh 60 nóiméad sa lá ar a laghad agus daoine fásta ar feadh 30 nóiméad sa lá, is bealach spraíúil cuimsitheach é an Lá Náisiúnta ‘Bí Gníomhach’ chun do ghníomhaíocht choirp laethúil a dhéanamh.

 

Ag seoladh na hócáide, spreag Príomhfheidhmeannach Spórt Éireann, John Treacy an oiread daoine agus is féidir páirt a ghlacadh ann, “Bhí sé an-deacair do dhaoine le cúpla mí anuas ach ba mhór an spreagadh é daoine a fheiceáil ag tabhairt aire dá sláinte agus dá bhfolláine féin trí pháirt a ghlacadh i spórt rialta agus i ngníomhaíocht choirp. Taispeántar sa taighde go bhfuil líon daoine nach bhfacthas riamh amuigh ag siúl agus ar rothar, rud atá iontach le feiceáil. Agus muid ag cur túis le teacht amach as na srianta, sílim go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh go leanfaimid orainn aclaíocht a dhéanamh agus a bheith gníomhach go fisiceach gach lá. Tá mé ag súil go mór leis an Lá Náisiúnta Bí Gníomhach agus tugaim an dúshlán daoibh go léir a bheith gníomhach, gníomhaíocht nó spórt nua a roghnú agus taitneamh a bhaint as ”.

Dúirt Marion Brown, Príomhoifigeach Spóirt, “Is deis é an Lá Náisiúnta ‘Bí Gníomhach’ do gach duine sa teaghlach éirí suas agus a bheith gníomhach. Is féidir leat é a dhéanamh díreach ar mhaithe le spraoi nó gné iomaíoch a chur leis trí scóir a choinneáil nó sibh féin a roinnt i bhfoirne. Is cuma cad a dhéanann tú, molaimid duit a bheith gníomhach agus spraoi a bheith agat, agus beidh Fine Gall an contae is gníomhaí an deireadh seachtaine seo dá bharr! ”

D’fhorbair na Comhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla liosta inphriontáilte de chluichí agus de ghníomhaíochtaí chun inspioráid a thabhairt duit, agus tá gach ceann acu oiriúnaithe go hiomlán do dhaoine de gach cumas agus leibhéal scileanna. Le moltaí chun na cluichí a dhéanamh níos deacra nó níos éasca, tá cluiche ann do gach duine. Níl ort ach na cluichí a phriontáil amach nó iad a thaispeáint ar do ghuthán agus a bheith gníomhach.  Nó d’fhéadfá a bheith cruthaitheach agus do chluichí, ghníomhaíochtaí nó dhúshláin féin a chruthú?

 

Tá comórtas á reáchtáil ag Oifig Spóirt Fhine Gall don ghníomhaíocht Lá Náisiúnta ‘Bí Gníomhach’ is cruthaithí sa chontae agus mar sin déan cinnte grianghraf nó físeán a roinnt ar na meáin shóisialta agus clib @SportIreland agus #fingalsportsoffice a chur air agus an haischlib #NationalBeActiveDay ionas go mbeidh seans ann ag buachan duais!

Mura bhfuil tú ar na meáin shóisialta, is féidir leat grianghraf nó físeán de do ghníomhaíocht a sheoladh chuig [email protected] ionas go mbeidh seans agat duais a bhuachan!

 

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar an lá spóirt bhaile féach ar https://www.sportireland.ie/participation/beactive-day

Críoch.

 

Le haghaidh tuilleadh faisnéise déan teagmháil le: Marion Brown  Mari%6fn.brow%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]  

 

Acmhainní atá ar Fáil:

Suíomh Gréasáin: www.sportireland.ie/participation/news/national-be-active-day 

Leabhrán In-íoslódáilte: https://www.sportireland.ie/sites/default/files/media/document/2020-06/booklet_no_lsp.pdf

Póstaer In-íoslódáilte:  https://www.sportireland.ie/sites/default/files/media/document/2020-06/poster6.pdf 

 

Fingal sports team