Dul chun cinn suntasach tar éis na chéad bhliana de €30m Ár mBaile Brigín 

Bliain tar éis seoladh an Phlean Athnuachana Ár mBaile Brigín, tá claochlú an bhaile mór is óige in Éirinn faoi lánseol, agus fógraíodh dul chun cinn suntasach thar raon cuspóirí. 

 

Hub launch pic

Baineadh amach clár tosaigh de 20 rud i 12 mí den chuid is mó, fiú leis na srianta atá ann faoi láthair, agus tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis a tiomantas i leith chuspóirí an phlean €30m a sheachadadh a athdhearbhú.

Laistigh den bhliain seo chugainn táthar ag súil go scriosfar foirgneamh club oíche suntasach ag Cuan Bhaile Brigín, agus tá pleananna nochtaithe chun limistéar an chuain a athrú go taitneamhacht áineasa bhríomhar. 

An tseachtain seo, gheobhaidh gach áitritheoir nuashonrú faoin dul chun cinn, bainteach le hoscailt Mol Ár mBaile Brigín i lár an bhaile, a bheidh mar sheomra innill na scéime athnuachana agus nasc leanúnach idir an plean agus muintir Bhaile Brigín.

Balbriggan Harbour Plan 2

Roghnaíodh Baile Brigín freisin mar an chéad baile mór in Éirinn a ainmníodh mar Cheantar Cliste, rud a chuirfidh ar thús cadhnaíochta tionscadail chliste é chun seirbhísí a fheabhsú, poist a chruthú agus pobail níos fearr a thógáil.

Bhí an fhís uaillmhianach i bPlean Athnuachana Baile Brigín 2019-2025 mar thoradh ar rannpháirtíocht phobail stairiúil inar thug os cionn 25% áitritheoir léargas ar a gcuid roghanna maidir le todhchaí ár mbaile.

Ó roghchlár d’fheabhsuithe féideartha, ba é an Phríomhshráid a chlaochlú agus a nascadh le limistéar Cuain úrnua na príomhroghanna thar gach aoisghrúpa i suirbhé a bheidh ina mhúnla do bhailte ar fud na tíre.

Tá infheistíocht shuntasach déanta go dtí seo, le dhá chlós súgartha nua, páirc scátála agus athchóiriú fairsing ar Leabharlann Bhaile Brigín, agus aghaidh siopa fholamh a athfheistiú mar ár Mol Bhaile Brigín, ag cur tús leis na feabhsuithe fisiciúla tosaigh.

Cheannaigh an Chomhairle foirgneamh ag 2-4 Sráid Bhaile Átha Cliath le forbairt ina spás ealaíon cruthaitheach agus digiteach, ag neartú ceathrú poiblí agus tá sé gar do dhá fhoirgneamh lárnacha   ar an bPríomhshráid agus an cuan a fháil atá mar dhlúthchuid den phlean seo.

Tá pleananna beagnach i gcrích chun croílár uirbeach an bhaile a fhorbairt, ag oscailt conair ghlas cois Abhainn na Raithneach, ag cruthú imeall sráide nua agus bealach isteach páirce ar Shráid an Droichid, ag dul síos go Sráid na Cé athraithe agus ag dul isteach i limistéar an Tarbhealaigh go Cuan athshamhlaithe.  

Nascfaidh an Bealach Glas le promanáid clárchosáin cois farraige ag nascadh tuaisceart an bhaile agus Páirc Taitneamhachta Réigiúnach Bhrí Mhór agus Caisleán Bhrí Mhór go Caisleán Ard Giolláin agus níos faide ar aghaidh chuig na Sceirí a cheanglaíonn le bealach Cósta Fhine Gall. 

Cuirfidh scéim feabhsúcháin Shráid an Iarnróid sreabhadh agus nascacht níos fearr ar fáil do shócmhainn is luachmhaire an bhaile, a trá, nach bhfuil ach cúpla méadar ó Stáisiún Traenach Bhaile Brigín.

“Ghlac cuid mhór den phobal páirt chun na féidearthachtaí a shamhlú agus tacar láidir tosaíochtaí a sholáthar a bhainfidh lán-acmhainneacht Bhaile Brígn amach,” a dúirt an tOllamh Brian MacCraith, Cathaoirleach Ghrúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín.

“Is éard atá i dtionscnamh Baile Brigín todhchaí uaillmhianach agus rathúil a chruthú do Bhaile Brigín a fhorbróidh a pointí láidre go léir – na sócmhainní fisiciúla, a trá álainn, a suíomh agus a bonn tallainne ilghnéitheach atá ag fás go tapaidh.

“Go dtí seo tá rannpháirtíocht, uaillmhian, cruthaitheacht agus rún mar bhunús ár n-aistir – agus, a bhuíochas le muintir Bhaile Brigín, tá tús curtha le claochlú an bhaile cheana féin.”

Nuair a bheidh sé críochnaithe, déanfar Cuan Bhaile Brigín a chlaochlú ina thaitneamhacht bríomhar  áineasa agus phobail, le bothanna agus foirgnimh agus ag tabhairt níos mó den fhearann poiblí ar ais don phobal chun taitneamh agus úsáid a bhaint as.  

Beidh an spás taitneamhachta ardchaighdeáin do phléisiúr saoránaigh agus cuairteoirí nasctha le Sráid na Cé agus an trá athbheoite.

Daingneoidh an cuan athshamhlaithe aitheantas Bhaile Brigín mar bhaile mór ceann scríbe cois farraige agus iontas turasóireachta ag croílár chosáin rothaíochta nua Bhealach Cósta Fhine Gall a shíneann feadh Chósta Bhaile Átha Cliath go dtí an Mhí. 

“Níl aon rud mór amháin ann a athróidh Baile Brigín – athrófar an baile le go leor gníomhartha, a chuirfidh go leor páirtithe leasmhara i gcrích ag obair le chéile thar thréimhse bliana,” a dúirt AnneMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall. 

“Tá an Chomhairle tiomanta i leith an plean seo a chur i gcrích agus tá mé muiníneach go mbeidh clú agus cáil ar Bhaile Brigín mar áit iontach chun maireachtaint, obair agus gnó a dhéanamh amach anseo.”

Deartha mar spás ildisciplíneach, beidh mol Ár mBaile Brigín in oiriúint do chruinnuithe beaga agus díreoidh sé ar líonraí nua a fhorbairt i réimsí a aithnítear sa phlean, ar nós daoine óga, éagsúlacht agus imeascadh, fostaíocht agus oideachas, fiontar sóisialta agus fiontraíocht, turasóireacht agus  ceardaíocht. Beidh a fuinneoga móra agus spás balla inmheánach dírithe ar aschur cruthaitheach áitiúil a thaispeáint, ag nascadh muintir na háite lena gcuid tallann atá ag teacht chun cinn agus atá bunaithe.

Feidhmeoidh an mol freisin mar lárphointe do ghníomhaíochtaí faoi Cheantar Cliste Baile Brigín agus cláracha URBACT iPlace an AE, agus cuirfidh an dá cheann acu le todhchaí an bhaile is óige in Éirinn.

Is suíomhanna geografacha roghnaithe go straitéiseach iad na Ceantair Chliste, faoin gclár Baile Átha Cliath Cliste, ina gcuirtear tionscadail spriocdhírithe cathracha cliste i bhfeidhm.

Is é an príomhfhócas a bheidh ag Ceantar Cliste Bhaile Brigín ná chun saol an phobail a fheabhsú, tacú le deiseanna eacnamaíochta agus nuálaíocht a spreagradh trí roinnt tionscadal ceantair chliste.

Mar bhunús ag ár bplean do wi-fi poiblí saor in aisce Ár mBaile Brigín, cuimseoidh tionscnaimh Baile Brigín cruthú mol nuálaíoch, Makerspace agus saotharlann do “The Internet of Living Things.”

Tá Baile Brigín mar chuid freisin de thionscnamh iPlace an AE a thugann naoi n-áit le chéile le saincheisteanna den chineál céanna chun díriú ar dheiseannna forbartha eacnamaíochta aitiúla a aithint agus a neartú trí phleananna mar Ár mBaile Brigín agus a dhaingníonn na naisc idir Éire agus an Eoraip. 

Mar chuid de chlár Urbact an AE, déanann baill iPlace foghlaim agus eispéiris a mhalartú agus iad ag  déileáil lena ndúshláin faoi seach chun nideoga a aimsiú d’fhorbairt eacnamaíoch áitiúil inbhuanaithe.

Tá cathair Amarante sa Phortaingéil ag treorú an Tionscnaimh iPlace, a chuimsíonn Gabrovo (An Bhulgáir), Grosseto (An Iodáil), Heerlen (An Ísiltír), Kočevje (An tSlóivéin), Medina del Campo (An Spáinn), Pärnu (An Eastóin), Pori (An Fhionlainn) and Saldus (An Laitvia).