Athruithe maidir le hiarratais a chur isteach ar líne maidir le Rialú Tógála. 

Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh iarratais ar fáil ar líne ar Theastais Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas DAC, Deimhnithe Sábháilteachta Dóiteáin FSC agus aighneachtaí dispeansáide/maolaithe, tríd an BCMS sna seachtainí amach romhainn.

planning online

Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh iarratais ar fáil ar líne ar Theastais Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas DAC, Deimhnithe Sábháilteachta Dóiteáin FSC agus aighneachtaí dispeansáide/maolaithe, tríd an BCMS sna seachtainí amach romhainn .  

Murar bhain tú úsáid as an BCMS roimhe seo chun Fógraí Tosaithe / Fógraí 7 Lá nó Deimhnithe um Chomhlíonadh ar Chríochnú a chur isteach, moltar duit clárú le haghaidh cuntas BCMS a bhunú roimh an dáta a théann sé beo.  Téigh chuig   www.localgov.ie/en/bcms   agus bain úsáid as an rogha   Clárú   chun cuntas a chlárú.  Tabharfaidh sé seo deis duit dul i dtaithí ar an gcuma atá ar an gcóras agus ar an gcaoi a bhfeidhmíonn sé.  Féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar an gcainéal YouTube NBCO freisin chun breathnú ar conas a oibríonn an córas Fógra Tosaithe toisc go mbeidh an próiseas aighneachta Iarratas an-chosúil.

Postálfar gach físeán teagaisc ar an gcainéal YouTube NBCO, atá ar fáil   ANSEO