Tá an Chomhairle ag lorg iarratais ó ghnóthaí  ar mian leo spás poiblí a úsáid

Mar chuid den tionscnamh #RestartFingal chun tacú le gnóthaí ar fud an chontae a chur ar a gcosa arís, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg iarratais ó na gnóthaí sin ar mian leo spás poiblí a úsáid chun troscán sráide a chur taobh amuigh dá n-áitreabh.

Beidh iarratasóirí a n-éiríonn leo ábalta boird agus cathaoireacha a chur amach ar an tsráid nó sa réimse poiblí chun freastal a dhéanamh ar níos mó custaiméirí fad a chloíonn siad le Treoirlínte Sláinte Poiblí maidir le COVID-19 agus scaradh sóisialta ach go háirithe.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag déanamh scrúdú ar an bhféidearthacht chun spás páirceála sráide a úsáid le troscán sráide a chur ann. Rinne an tSráid Nua i Mullach Íde a choinneáil do choisithe amháin mar chuid den tionscadal píolótach 10 seachtaine.

Is féidir iarratais a dhéanamh ar Cheadúnas Troscáin Sráide ar líne ar https://survey123.arcgis.com/share/6b9af057f8f94958892ba9455dc0d1c9 agus tá táille riaracháin neamh-in-aisíoctha €50 i gceist. Má thugtar cead do ghnó le boird agus cathaoireacha a chur amach, ní ghearrfar táille cheadúnais  ar feadh tréimhse sé mhí. Gheobhaidh gnóthaí a d'íoc don bhliain 2020 sochar sé mhí don bhliain 2021.

Sula gcuirfear iarratais isteach, tabharfar faoi chomhairliúchán ar an láthair agus ba cheart d'iarratasóirí dul i dteagmháil leis an Rannóg Oibríochtaí ar ríomhphost ag [email protected] chun measúnú a eagrú. Déanfar measúnú ar leith ar gach iarratas de réir critéir sláinte poiblí, sábháilteachta dóiteáin agus gluaiseachta daoine agus d'fhéadfadh coinníollacha aonair a chur i bhfeidhm.

Ba cheart d'iarratasóirí féideartha tabhairt dá n-aire, sa chás go riartar deochanna meisciúla sa limistéar a mbaineann an Ceadúnas Troscáin Sráid leis, ní mór don cheadúnaí cloí le riachtanais na nAchtanna Deochanna Meisciúla agus Fodhlíthe na Comhairle Contae Fhine Gall maidir le Deochanna Meisciúla, 2002, lena gcuirtear cosc le deochanna meisciúla a ól in áiteanna poiblí. Mura gcloítear le forálacha an Achta agus na bhFodhlíthe, d'fhéadfadh go dtarraingeofaí siar an Ceadúnas Troscáin Sráide.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an Scéim Troscáin Sráide ar fáil ó https://www.fingal.ie/council/service/street-furniture-license