Media Centre

Podchraoladh Inside Fingal

Tá a cainéal podchraolta féin ag Comhairle Contae Fhine Gall, mar atá Inside Fingal. Is é is podchraoladh ann ná clár fuaime, díreach cosúil le Talk Radio, ach cláraíonn tú leis ar d’fhón cliste agus éisteann tú leis cibé uair is mian leat – agus tú sa charr, agus tú ag siúl amuigh, nó agus tú ag baint an fhéir. Is fút féin atá sé.
20 Jan 2021
Creative Fingal

Clár Éire Ildánach Fhine Gall 2021

Cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuiltear anois ag glacadh le hiarratais mar chuid de Chlár Éire Ildánach Fhine Gall 2021.

18 Jan 2021
Fingal Sports

Seolann Comhairle Contae Fhine Gall an Tionscnamh Pobail Bí Gníomhach

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarradh ar chlubanna spóirt agus ar an bpobal áitiúil teacht le chéile chun cabhrú le daoine bheith gníomhach nuair a chuirfear deireadh le srianta an Rialtais agus nuair a cheadófar do dhaoine dul i mbun gníomhaíochtaí arís.

15 Jan 2021
Libraries OnLine

Athbhreithniú Bliana ar Imeachtaí Digiteacha: Leabharlanna Fhine Gall 2020

Cuid mhór dár seirbhís ag Leabharlanna Fhine Gall is ea scéalta, ceardaíocht, agus imeachtaí speisialta a sholáthar don phobal. Nuair a tugadh an chéad dianghlasáil isteach i mí an Mhárta 2020, bhog Leabharlanna Fhine Gall a seirbhísí ar líne go tapaidh chun ábhar a chruthú i rith na bliana. Cé go mbraithimid uainn go mór a bheith in ann na seirbhísí seo a sholáthar go pearsanta dár bpátrúin iontacha, bhí áthas orainn iad a chur ar fáil saor in aisce ar líne do gach duine chun taitneamh a bhaint astu. Seo cuid de bhuaicphointí na n-imeachtaí speisialta ó 2020.