Comhairle Contae Fhine Gall ag obair i gcomhpháirtíocht le IBM chun bota comhrá COVID-19 a sheoladh ar shuíomh gréasáin fingal.ie

Tá ag éirí go maith leis an gcúntóir fíorúil COVID-19 atá tugtha isteach ag Comhairle Contae Fhine Gall. Tá sé traenáilte chun ceisteanna ón bpobal a fhreagairt, as Gaeilge agus i mBéarla, ar an bhFreagairt Glao an Phobail maidir leis na Seirbhísí atá á gcur ar fáil ag an gComhairle le linn na paindéime.

Tá an Chomhairle ag obair le IBM, atá lonnaithe sa Chrios Fiontraíochtha i  mBaile Átha Cliath 15, agus le Comhairleoirecht SureSkills chun an bota comhrá a fhorbairt, mar ba léir, de bharr luais agus amscála na paindéime COVID-19, go mbeadh impleachtaí fadtéarmacha ann ar an rialtas áitiúil, lena n-áirítear rochtain láithreach agus cianda ar eolas ar féidir brath air a chur ar fáil de réir mar a thagann sé chun cinn.

Nuair a thosaigh an phaindéim i Márta, chuaigh Comhairle Contae Fhine Gall i mbun oibre go tapaidh le IBM agus le SureSkills chun gníomhaire fíorúil a fhorbairt, rud a chabhraigh le freagraí a sholáthar ar an tuile iarratais a bhí ag lorg eolais, agus an t-ualach a laghdú sna hionaid glaonna atá ag an gComhairle.

Is cuid lárnach é an Cúntóir Fíorúil san obair atá ar bun ag Fóram Glao an Phobail Fhine Gall don COVID-19, agus cuidíonn sé le baill den phobal a d’fhéadfadh a bheith i mbaol, rochtain a fháil ar thacaíochtaí agus ar chomhairle neamhéigeandála agus neamhleighis 24/7.

Tá an cúntóir fíorúil bunaithe ar an gCúntóir Watson IBM do Shaoránaigh ar néal poiblí IBM, agus tugann sé freagraí as Béarla ar cheisteanna coitianta mar gheall ar Covid-19. Cuireann sé le chéile an Cúntóir Watson,  acmhainní próiseála Teanga Nádúrtha ó thaighde atá déanta ag IBM, agus acmhainní cuardach IS Watson Discovery.

“Tá na blianta taithí ag IBM ag cabhrú le comhlachtaí agus le hinstitiúidí domhanda úsáid a bhaint as an bPróiseáil Teanga Nadúrtha agus ardteicneolaíochtaí IS eile chun freastal ar riachtanais a gcustaiméirí ar bhealach feabhsaithe. Agus na teicneolaíochtaí seo á gcur i bhfeidhm don ghéarchéim COVID-19, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag taispeáint go bhfuil ar chumas an IS feidhmiú mar ghníomhaire duitse ag an am éiginnte seo,” arsa Ronan Dalton, Príomhoifigeach Teicniúil, IBM Éire.

I measc na gceisteanna ar féidir leis an gníomhaire a fhreagairt tá, “An féidir le hoibrí deonach mo chuid siopadóireachta a bhailiú dom?” nó “Ba mhaith liom iarratais phleanála do mo cheantar a fheiceáil?” Mura bhfuil an freagra ag an gCúntóir Fíorúil, déanann sé an t-úsáideoir a atreorú chuig faisnéis ar leith ar shuíomh gréasáin na Comhairle nó ar shuíomhanna eile a bhfuil baint acu leis an gceist.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Trí úsáid a bhaint as an gcineál seo ardteicneolaíochta, táimid ag cumasú saoránaigh rochtain a fháil ar fhaisnéis ar bhealach atá níos éasca agus níos tapúla. Tá sí tar éis cur go mór leis an Líne Chabhrach Glao an Phobail agus is acmhainn an-tábhachtach í don chlár tacaíochta pobail a chuirimid ar fáil in éineacht lenár gcomhghníomhaireachtaí agus le grúpaí eile.”

Feidhmíonn an Cúntóir Fíorúil laistigh de bhrabhsálaí idirlín agus tá gnéithe slándála ann a chosnaíonn príobháideachas an úsáideora. Dearadh é chun go bhforbróidh sé agus go bhfoghlaimeoidh sé go leanúnach tríd an aiseolas a chuireann úsáideoirí ar fáil. Tá gach freagra a thugtar bunaithe ar eolas a thagann as foinsí ar féidir brath orthu.

Cuimsíonn Fóram Glao an Phobail Fhine Gall os cionn dosaen gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí ó laistigh d’Fhine Gall, agus déanann sé comhordú ar an oibríocht chun cinnte a dhéanamh de go mbeidh rochtain ag daoine leochaileacha nó ag daoine atá ina gcónaí ina n-aonair ar earraí grósaera , ar chógas leighis agus ar bhreosla.

Cuireann na heagraíochtaí éagsúla seirbhísí tábhachtacha ar fáil, mar shampla earraí bunriachtanacha a bhailiú agus a sheachadadh ar nós bia, ‘béilí ar rothaí’, earraí tí, breosla nó cógas leighis (de réir na treorach).

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr David Healy: “Faoi láthair, tá roinnt gníomhaireachtaí ag déanamh éacht oibre maidir le cúram a sheachadadh do sheanóirí agus do dhaoine leochaileacha. I láthair na hauire, tá na grúpaí seo ag obair go neamhspleách ar a chéile, agus is é an ról atá ag Comhairle Contae Fhine Gall cur chuige dírithe, comhtháite agus comhordaithe a sholáthar chun na seirbhísí seo, a bhfuil géarghá leo, a sheachadadh dár saoránaigh leochaileacha ar fud an chontae le linn na paindéime COVID-19.”

Chun an Cúntóir Fíorúil COVID-19 a fheiceáil agus é i mbun oibre, tabhair cuairt ar www.fingal.ie.