A sprioc éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh 2020 comhlíonta ag Fine Gall agus an Chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn an Phlean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide foilsithe

Foilsíodh agus cuireadh an chéad Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn Phlean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide (PGAA) Chomhairle Contae Fhine Gall i láthair comhairleoirí an tseachtain seo.

Castleknock to Ashtown section of the Royal Canal Greenway

Léiríodh sa tuarascáil a cuireadh i láthair comhairleoirí, in 2020 go bhfuil neart dul chun cinn déanta ar fheidhmiú an Phlean, agus gur éirigh leis an gComhairle a spriocanna d’fheabhas 33% ar éifeachtúlacht fuinnimh a chomhlíonadh bliain roimh an spriocdháta a bhí sonraithe sa sceideal, agus go bhfuil córas bainistíochta fuinnimh a bhfuil ISO 50001 á chomhlíonadh aige ag an gcóras anois.

Foilsíodh PGAA den chéad uair i Meán Fómhair 2019 agus rinneadh cur síos ann ar 130 gníomh faoi chúig théama. Is gníomhartha ginearálta iad seo, tá tréimhse rollach cúig bliana luaite leo agus go ginearálta tá saolré sa bhreis ar bhliain luaite le gach ceann.

Ceann den cheithre sprioc a bhí sonraithe sa Phlean Gníomhaíochta ba ea go mbeadh feabhas 33% le tabhairt faoi deara ar éifeachtúlacht fuinnimh na Comhairle faoi mhí na Nollag 2020, sprioc a comhlíonadh bliain níos túisce ná mar a bhí sonraithe sa sceideal. Tugadh le fios in Athbhreithniú Fuinnimh na Foirne Bainistíochta Fuinnimh le haghaidh 2019, i gcomhar le Codema, Gníomhaireacht Fuinnimh Bhaile Átha Cliath, gur tháinig feabhas 34.5% ar éifeachtúlacht fuinnimh na Comhairle, rud a chiallaíonn go raibh an sprioc 33% le haghaidh 2020 á sárú. Is ionann an feabhas seo agus dearbhchoigilteas de 12.4 GWh de phríomhfhuinneamh nó 4,578 tona de CO2.

Chomh maith leis sin, d’fhorbair an Fhoireann Bainistíochta Fuinnimh córas bainistíochta fuinnimh deimhnithe ISO 50001, a éascaíonn maoirseacht feabhsaithe ar chuntais fuinnimh ar bhonn míosúil. Cinntíonn sé seo go bhfuil maoirseacht á déanamh ar gach cuntas agus tacóidh sé le feabhas leanúnach.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy faoin gcéad Tuarascáil Bhliantúil: “Is léir go bhfuil ag éirigh go breá leis an gcur chuige réigiúnach i ndáil le dréachtú na bPleananna Gníomhaíochta um Athrú Aeráide i gceithre Údarás Áitiúla Bhaile Átha Cliath agus leis an gcur chuige comhoibríoch feidhmithe atá á stiúradh ag Oifig Réigiúnach Gníomhaíochta Aeráide Bhaile Átha Cliath agus Codema. Táimid ar tí tús a chur leis an bpróiseas dúshlánach agus fiúntach a bhaineann leis an aistriú chuig réigiún atá neodrach ó thaobh aeráide de agus seasmhach."

"Is mian liom buíochas a ghabháil le hoifigigh na Comhairle as tabhairt faoin obair go díograiseach, díograis a bhfuil fianaise le fáil uirthi sa dul chun cinn maith atá déanta i bhFine Gall i rith na chéad bhliana den phlean. Táim ag súil le bheith ag obair leis na Comhairleoirí ar fad, oifigigh na Comhairle agus ionadaithe na sochaí sibhialta agus leanúint le feidhmiú an phlean sna blianta amach romhainn, go háirithe tríd an gCoiste um Beartas Straitéiseach Ghníomhú ar son na hAeráide, Bithéagsúlachta agus Comhshaoil.”

Tá 70% den soilsiú poiblí athraithe chuig LED anois agus tá sé beartaithe críoch a chur leis an obair in 2021. Tá 15% den obair a bhaineann le flít feithiclí Chomhairle Contae Fhine Gall a aistriú go flít leictreonach curtha i gcrích agus tá 34 feithicil bóthair leictreach i mbun feidhme agus tá 15 fheithicil eile ordaithe le haghaidh tús 2021.

In 2020 bronnadh brat glas ar sheacht bpáirc a nglactar leo mar spásanna glasa inbhuanaithe. Tá méadú ag teacht go leanúnach ar an acraíocht móinéar bláthanna fiáine i bpáirceanna, spásanna oscailte agus ciumhaiseanna bóthair. Tá Plean Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht á dhréachtú a sholáthróidh gréasán éiceolaíoch seasmhach athraithe aeráide ar fud an chontae agus táthar ag leanúint le Cláir um Fheasacht Aeráide & Comhshaoil leis an bhfoireann agus leis an bpobal.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Cé go bhfuil dul chun cinn iontach déanta againn i rith na chéad bliana dár bPlean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide, tá neart fós le déanamh.”

“Leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh ag obair le CARO, Codema, na húdaráis áitiúla ar fad i mBaile Átha Cliath agus an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil, chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le hathrú aeráide agus chun ról ceannaireachta a ghlacadh i ndáil le gníomhú i gcoinne an athraithe aeráide.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Dave Storey, Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Taisteal Gníomhach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá fianaise sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar an tiomantas atá léirithe ag an gComhairle i rith na chéad bliana trí fheidhmiú leanúnach an Phlean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide, agus pleananna tacúla; agus trí roinn nua a fhorbairt dar teideal an Roinn Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Taisteal Gníomhach. Cinnteoidh sé seo go mbeidh tionscnaimh taistil ghníomhaigh á sruthlíniú leis na hacmhainní atá ar fáil lena n-aghaidh.”

Cabhróidh feidhmiú leantach an Phlean Gníomhaíochta, i gcomhpháirt le CARO, Codema agus páirtithe leasmhara eile, le tacaíocht ó bheartas Rialtais, leis an mbonnsraith a leagan lena chinntiú go mbeidh an réigiún seasmhach ó thaobh na haeráide de faoi 2030, agus cabhróidh sé freisin leis an mbonnsraith a leagan do shochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de.

Tá PGAA agus an Chéad Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn le fáil ag: https://www.fingal.ie/climate-change-action-plan-2019-2024