Sheol Comhairle Contae Fhine Gall a Dréacht-Straitéis Crann dár teideal “Foraois Fhine Gall, Straitéis Crann d’Fhine Gall – Dréacht-Doiciméad”, faigh amach faoin gcomhairliúchán agus na seisiúin eolais ar líne.
Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Fhine Gall an ceathrú scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.
Tá áthas an domhain ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall Fóram Aoine Fhine Gall a chur i láthair, cruinniú míosúil neamhfhoirmiúil d’ealaíontóirí Fhine Gall amháin. Tuigimid gur tréimhse dhúshlánach í seo d’ealaíontóirí agus aithnímid an tábhacht a bhaineann le fanacht nasctha agus tacaíocht a sholáthar le linn COVID-19.
Tá maoiniú iomlán os cionn €33,000 ceadaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall faoin gCiste Áite Ár mBaile Brigín do ghrúpaí áitiúla chun tacú le smaointe nó pleananna do thionscadail a fheabhsóidh eispéireas cónaitheora agus cuairteora sa bhaile mór.
Chuir Comhairle Contae Fhine Gall tús le próiseas fiosrúcháin mhargaíochta a fhágfaidh go n-eiseofar tairiscint chun seirbhísí Maor Madraí agus Dídean Madraí a sholáthar don chontae ó Mheán Fómhair 2021 ar feadh tréimshe ceithre bliana.
Sa mhír is déanaí de Ghnáthdhaoine le Scéalta Urghnácha, beidh Ross Boyd, mac léinn agus Ambasadóir Eurodesk i dteannta Barry ó Leabharlann Bhaile Bhlainséir: https://youtu.be/mTribF_UE-g
Tá súil againn go dtaitneoidh an físeán tosaigh céadfach seo de Dungeons & Dragons i Leabharlanna Fhine Gall leat, mar chuid d’fheachtas Keep Well Chomhairle Chontae Fhine Gall: https://youtu.be/mW5blLVv7pQ
Déan do rian gluaisteán agus garáiste féin ag úsáid ábhair a bhíonn agat sa bhaile sa ghníomhaíocht STEAM seo (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Ealaíon agus Matamaitic): https://youtu.be/IEzbvq2b3js