Fóram Aoine Fhine Gall

Tá áthas an domhain ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall Fóram Aoine Fhine Gall a chur i láthair, cruinniú míosúil neamhfhoirmiúil d’ealaíontóirí Fhine Gall amháin. Tuigimid gur tréimhse dhúshlánach í seo d’ealaíontóirí agus aithnímid an tábhacht a bhaineann le fanacht nasctha agus tacaíocht a sholáthar le linn COVID-19.

Éascóidh an Coimeádaí, Comhairleoir agus Meantóir Eamonn Maxwell na seisiúin ag tosú le Slite Beatha agus Gairmeacha a Chosaint. Tabharfar cuireadh d’aoichainteoirí réimse ábhar ar leith a chlúdach a mbeidh dírithe ar thacú, treorú agus aghaidh a thabhairt ar a bhfuil riachtanach chun acmhainneacht a thógáil agus cuidiú le téarnamh laistigh den earnáil thábhachtach agus speisialaithe tar éis COVID-19 agus níos faide anonn.  Seachadfar na seisiúin trí Zoom ó 9.30rn – 11.00rn ar an gcéad Aoine de gach mí ón Aoine 5ú Feabhra go dtí an Aoine 3ú Nollaig.

Tá Fóram Aoine Fhine Gall saor in aisce agus oscailte d’ealaíontóirí atá ag obair i ngach foirm ealaíne. Le clárú seol ríomhphost le do thoil chuig [email protected]