Ciste Áite Ár mBaile Brigín ceadaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall

Tá maoiniú iomlán os cionn €33,000 ceadaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall faoin gCiste Áite Ár mBaile Brigín do ghrúpaí áitiúla chun tacú le smaointe nó pleananna do thionscadail a fheabhsóidh eispéireas cónaitheora agus cuairteora sa bhaile mór.

Tá maoiniú iomlán os cionn €33,000 ceadaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall faoin gCiste Áite Ár mBaile Brigín do ghrúpaí áitiúla chun tacú le smaointe nó pleananna do thionscadail a fheabhsóidh eispéireas cónaitheora agus cuairteora sa bhaile mór.

Bhí an freagra ar an gCiste i bhfad níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis agus bronnadh maoiniú ar 11 thionscadal san iomlán.

Sheol Oifig Chlár Bhaile Brigín de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall an ciste i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite agus bhí sé ar fáil do ghrúpaí nó do dhaoine aonair chun tacú le tionscnaimh a fheabhsaíonn lár an bhaile trí thionscnaimh nua um dhearadh uirbeach, comhshaoil, ealaíon agus cultúrtha.

Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh cabhrú le mothú áite agus féiniúlachta a neartú sa bhaile mór, tacú le deiseanna le haghaidh nasc sóisialta agus gníomhaíochtaí nua in áiteanna poiblí, an pobal a neartú trí scileanna nua a fhoghlaim agus deiseanna a chruthú do stíl mhaireachtála níos sláintiúla.

Tá maoiniú faighte ag tionscadail éagsúla lena n-áirítear Foscadán Snámhóirí Mara (€5,000), pailliún rothar (€5,500), ealaín phoiblí le Grúpa Ealaíne Lighthouse (€2,000), Cumann Cónaitheoirí Chnoc an Táilliúraigh, binsí poiblí na mBailte Slachtmhara (€1,277) agus ag an ealaíontóir Thomas Brezing do léiríthe ealaíon poiblí (€4,000).

Chuir Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy, fáilte roimh fhógra fhaighteoirí an Chiste Áite, á rá: “Tá fíoráthas orm éagsúlacht na ngrúpaí agus na ndaoine aonair ar a mbronnadh maoiniú faoin scéim seo a fheiscint. Tá tionscadail shamhlaíocha curtha le chéile acu ar fad a fheabhsóidh na spásanna poiblí i mBaile Brigín agus a chuirfidh leis an bhféidearthacht go mbainfidh an pobal taitneamh astu.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Is comhartha eile é an Ciste Áite seo de thiomantas na Comhairle do Bhaile Brigín agus an bhéim láidir ar dhul i dteagmháil le pobail Bhaile Brigín agus cumhacht a thabhairt dó mar chuid den tionscadal Ár mBaile Brigín. Tá lúcháir orm mar sin an freagra fonnmhar ar an gciste seo a fheiceáil agus cuirfidh gach ceann de na tionscadail shamhlaíocha seo le hacmhainn na spásanna poiblí sa bhaile mór chun sláinte, sonas, agus folláine daoine a chur chun cinn.”

Ag an am gur fógraíodh é, rinne An tOllamh Brian MacCraith, iar-uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus cathaoirleach Grúpa Ceannaireachta Bhaile Brigín trácht ar an gCiste Áite:  “Tá sé mar aidhm ag an gciste seo muintir Bhaile Brigín a chumasú chun tionchar a bheith acu ar bhealach an-dáiríre ar an todhchaí ina mbaile féin, ag tabhairt na cumhachta agus na háisíneachta dóibh a bhfís féin don phobal a chur in iúl.”

D’fhreagair muintir Bhaile Brigín go fonnmhar an deis seo chun a bheith rannpháirteach agus cuideoidh an t-aon tionscadal déag a maoiníodh lena bhfís do na spásanna poiblí sa bhaile mór a chur i gcrích.

Tá Baile Brigín, an baile is óige agus ceann de na bailte móra is éagsúla in Éirinn le claochlú i gclár athnuachana uaillmhianach ar fiú €30 milliún sna blianta atá amach romhainn.  Is féidir leat sonraí iomlána Phlean Athnuachana Ár mBaile Brigín 2019 – 2025 a fháil agus an dul chun cinn go dtí seo a fheiceáil ag www.balbriggan.ie 

 

Grúpaí arna maoiniú faoin gCiste Áite Bhaile Brigín 2020/2021.

Ainm

Maoiniú Ceadaithe

Wildflower Pictures - Seachtain Fredrick Douglass

€1800

 

Foscadán trá (Snámhóirí Mara) f/ch Turasóireacht Bhaile Brigín

€5000

 

Club Cruicéid Bhaile Brigín – Halla an Bhaile, Baile Brigín

€3250

 

Pailliún Rothar – Islander Architects f/ch Turasóireacht Bhaile Brigín

€5500

 

Grúpa Ealaíne Lighthouse – Ealaín Phoiblí

€2000

 

Bailte Slachtmhara Bhaile Brigín – Tionscadal Mósáice

€2345

 

Rony Sidon, Black Lines  - Ealaín Phoiblí

€1,000

 

Cumann Cónaitheoirí Chnoc an Táilliúraigh – Tionscadal Athbheochana Chluain Ard

€5000

 

Bailte Slachtmhara Bhaile Brigín – Binsí Poiblí (Plandú)

€1277

(€250)

 

Thomas Brezing- Spás Beag, Croí Mór – Léirithe Ealaíne Poiblí

 

€4000

 

CLG O’Dwyers - Kickmaster

€2392