Clár Éire Ildánach Fhine Gall 2021

Cúis áthais do Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuiltear anois ag glacadh le hiarratais mar chuid de Chlár Éire Ildánach Fhine Gall 2021.

Creative Ireland 2021

Cuirfidh an ciste tacaíocht ar fáil do dhaoine aonair agus/nó do ghrúpaí áitiúla, atá ag feidhmiú ar bhonn neamhbhrabúis, do thionscadail a thugann aghaidh go cruthaitheach ar théamaí Folláine agus Cultúr Pobail, Oidhreacht, Ceol, STEAM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus matamaitic) agus an Ghaeilge. 

Mar gheall ar Covid agus na srianta atá ann faoi láthair sa timpeallacht fhisiciúil, moltar d’iarrthóirí tograí a mheas agus a athshamhlú trí ardáin fhíorúla agus ar líne.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Fáiltím roimh an bhfógra faoin maoiniú seo a chabhróidh le cruthaitheacht a chothú agus a chabhróidh go mór le grúpaí agus le daoine aonair i bhFine Gall agus iad ag forbairt tionscadal ina gceantar féin. Rachaidh na tionscadail chruthaitheacha seo chun leasa an phobail ag am a bhfuil géarghá leis.”

Dúirt an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall, trína Straitéis Éire Ildánach, tiomanta do dheiseanna a sholáthar do dhaoine ar fud an chontae a lánacmhainneacht chruthaitheach a bhaint amach. Ní raibh an chruthaitheacht riamh níos tábhachtaí ná sna hamanta deacra seo agus muid ag déileáil le dúshláin Covid. Tríd an maoiniú seo tacóidh an Chomhairle le forbairt réimse tionscnamh cruthaitheach agus cultúrtha agus cuideoidh sé leis an aistriú riachtanach chuig imeachtaí ar líne.”

Dúirt an Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Fiontraíochta, Turasóireachta & Cultúir Emer O’Gorman, a bhfuil Clár Éire Ildánach Fhine Gall faoina Roinn anois: “Soláthraíonn ár Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta 2018 – 2022 creat le haghaidh rannpháirtíochta leanúnaí idir an pobal, cleachtóirí cruthaitheacha agus Comhairle Contae Fhine Gall. Lean ár ngrúpaí pobail agus áitiúla ag léiriú a dtiomantais do chur le cultúr agus cruthaitheacht trí fhéilte agus imeachtaí a reáchtáil agus tacaíocht a fháil trí mhaoiniú. Táimid ag súil go leanfaidh sé seo ar aghaidh i 2021, cé gur trí fhormáid athshamhlaithe ar líne a bheidh sé ag tarlú.”

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais 4pm ar an Aoine, an 5 Márta 2021.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait seol ríomhphost chuig [email protected] nó féach anseo