Fógraíonn Comhairle Contae Fhine Gall An Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí, 2021.     

Ligeann an snáithe maoinithe seo d’ealaíontóirí gairmiúla leas a bhaint as suas le €4,000 de dhuais i leith deiseanna taistil agus forbartha gairmiúla, cónaitheacht nó i dtreo obair a fhorbairt.

Odd Morris Artist Support Scheme

Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh iarratais ar Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí 2021. Ligeann an snáithe maoinithe seo d’ealaíontóirí gairmiúla leas a bhaint as suas le €4,000 de dhuais i leith deiseanna taistil agus forbartha gairmiúla, cónaitheacht nó i dtreo obair a fhorbairt.

Is é cuspóir na Scéime Tacaíochta d’Ealaíontóirí tacú le healaíontóirí gairmiúla aonair ó Fhine Gall chun a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Tá an gradam, le ciste comhcheangailte iomlán de €100,000, oscailte d’ealaíontóirí atá ag cleachtadh ag gach céim dá ngairmeacha gairmiúla ag obair i gceol, amharcealaíon, drámaíocht, litríocht agus damhsa. Le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh, caithfidh gur rugadh iarrthóirí, go ndearna siad staidéar, nó go bhfuil cónaí orthu faoi láthair i gceantar riaracháin Fhine Gall.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Tá éifeacht dhearfach ag na healaíona ar ár bhfolláine a bhí le feiceáil go háirithe i 2020 tríd an tsiamsaíocht ar líne a chur siad ar fáil de réir mar a chuaigh siad i ngleic le srianta Covid-19 cosúil linn féin. Tá Fine Gall bródúil as a hearnáil shaibhir agus bhríomhar ealaíne agus cultúrtha. Rachaidh scéim 2021 chun leasa go mór dár n-ealaíontóirí ionas gur féidir leo saothar a tháirgeadh agus leanúint lenár saolta a fheabhsú.”

Ag labhairt di faoin ngradam, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Tá áthas an domhain orm scéim mhaoinithe 2021 a fhógairt, atá anois ina 8ú  mbliain, a chuireann ar chumas ealaíontóirí atá lonnaithe i bhFine Galll a gcleachtas ealaíne gairimiúil a fhorbairt. Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta infheistíocht a dhéanamh ina healaíontóirí. Anuraidh bronnadh iomlán de €100,000 ar 65 iarrthóir a bhí ag obair i ndisciplíní éagsúla tríd an snáithe sparántachta seo.

Dúirt an Stiúrthóir Seirbhísí, Emer O’ Gorman: “Is mór ag Comhairle Contae Fhine Gall an ról atá ag ealaín agus ealaíontóirí i saol daoine agus pobail i bhFine Gall go háirithe le linn na géarchéime reatha COVID-19. Tá sé tábhachtach go leanfaimid orainn ag tacú le healaíontóirí tríd an deis mhaoinithe riachtanach seo.”

I measc na 65 ealaíontóir a bronnadh gradam orthu faoin Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí i 2020 bhí Odd Morris, banna ceoil ceithre phíosa as Sord. Leithdháileadh maoiniú chun a EP nua, Cityscape the ballet, a thaifeadadh. Ó bunaíodh iad go déanach i 2017, tá ainm measúil tuillte ag Odd Morris trína gcuid léirithe beo bríomhara ar fud na hÉireann, agus sa Ríocht Aontaithe le déanaí. D’eisigh siad a gcéad shingil i Márta 2019 agus sheinn siad seónna le leithéidí Ezra Furman agus Fat White Family agus sheinn siad ag dhá cheann de na féilte ceoil is mó in Éirinn Electric Picnic agus All Together Now.

Tá an maoiniú do thionscadail/thionscnaimh a bheidh ar siúl ón 1 Bealtaine – 31 Nollaig 2021.  Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil Dé hAoine 26 Feabhra 2021 ag 4in.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun an fhoirm iarratais a íoslódáil téigh le do thoil chuig www.fingalarts.iewww.fingal.ie/arts nó déan teagmháil le [email protected]  087 9266727.