Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí Chomhairle Contae Fhine Gall 2021

Fáiltíonn Comhairle Contae Fhine Gall roimh iarratais don Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí 2021. Ligeann an ghné mhaoinithe seo d’ealaíontóirí gairmiúla leas a bhaint as suas le €4,000 de dhuais i dtreo deiseanna taistil agus forbartha gairmiúla, cónaitheacht, nó i dtreo obair a fhorbairt.

Is é cuspóir na Scéime Tacaíochta d’Ealaíontóirí tacú le healaíontóirí gairmiúla aonair ó Fhine Gall chun a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Tá an gradam oscailte d’ealaíontóirí atá ag cleachtadh ag gach céim dá ngairmeacha proifisiúnta ag obair i gceol, amharc-ealaín, drámaíocht, litríocht agus rince. Le bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh, caithfidh gur rugadh iarrthóir, go ndearna siad staidéar nó go bhfuil siad ina gcónaí faoi láthair i gceantar riaracháin Fhine Gall.

Tá an maoiniú le haghaidh tionscadal nó tionscnamh a bheidh ar siúl idir 01 Bealtaine agus 31 Nollaig 2021.  Is é Dé hAoine 26 Feabhra 2021 an dáta deiridh chun iarratais a fháil ag 4in.

Le haghaidh tuileadh eolais déan teagmháil le do thoil le hOifig Ealaíon Fhine Gall trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]  nó trí ghlaoch a chur ar 087 9266727.

Íoslódáil an fhoirm iarratais anseo