Maoiniú éigeandála ar fáil do ghrúpaí pobail agus deonacha i bhFine Gall

Ba mhaith le Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Fhine Gall (LCDC) cuireadh a thabhairt d’iarratais ó ghrúpaí pobail, neamhbhrabúis agus deonacha ar mhaoiniú faoi Chiste Éigeandála COVID-19.

Tá an fhoirm iarratais ar líne agus treoirlínte ar fáil ó láithreán gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall ag https://submit.link/8vh4J.

Tá an Ciste Éigeandála COVID-19 maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus á riaradh ag na Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (LCDCanna) i ngach ceantar Údaráis Áitiúil. Seoladh an chéad bhabhta de Chiste Éigeandála COVID-19 in Aibreán 2020.

Is é seo an 2ú babhta de Chiste Éigeandála COVID-19 agus tá maoiniú de €1.7 milliún ag baint leis go náisiúnta agus leithdháileadh €59,820 ar Chomhairle Contae Fhine Gall. Faoin scéim, tá 30% de na cistí atá ar fáil imfhálaithe chun deontais bheaga de €1,000 nó níos lú a sholáthar.

Soláthróidh an ciste nua atá ar fáil d’iarratais ón 26ú Eanáir deontais do ghrúpaí pobail chun cuidiú leo:

  • A gcuid seirbhísí agus oibríochtaí a oiriúnú chun dul i ngleic le fírinne nua COVID-19. Samplaí de na bearta a dtacaítear leo ná áitribh a oiriúniú chun fadú sóisialta a cheadú; gníomhaíochtaí ar líne a thairiscint; tacaíochtaí sóisialta agus glaonna cairdiúla ar an bhfón a sholáthar 7rl.
  • Páirt níos mó a ghlacadh i bhfeachtas 'Fan Slán' an Rialtais. Tá na deontais dírithe ar chabhrú le rannpháirtíocht sa bhfeachtas, go háirithe leis na trí théama: fanacht nasctha, sos a ghlacadh agus bheith cruthaitheach, agus cuimhneamh ar do mheon.
  • I gcásanna eisceachtúla d’fhéadfaí na deontais a sholáthar do ghrúpaí tacaíochta freisin (lena n-áirítear iad siúd a bhfuil baint acu leis an nglao pobail) le costais reatha ó lá go lá.  

D’fhéadfadh go gcuimseodh an cineál caiteachais a dtacófaí leis:

  • Áiseanna a oiriúnú chun freastal go sábháilte ar dhaoine  
  • Seirbhísí a oiriúnú chun rannpháirtíocht fhíorúil a mhéadú
  • Tionchair dhearfacha ar an gcomhshaol ar nós laghdú ar ídiú fuinnimh;
  • Comhoibriú leis an údarás áitiúil nó comhlachtaí ábhartha eile i bhFine Gall
  • Mothú áite a chruthú sa phobal;
  • Infheistíocht teicneolaíochta a mbeidh rochtain ag daoine aonair agus ag pobail uirthi 

Ag labhairt dó maidir leis an gCiste Éigeandála nua COVID-19 dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Soláthraíonn an Ciste seo tacaíocht ríthábhachtach do ghrúpaí pobail i bhFine Gall chun cabhrú leo feabhas a chur ar a n-áiseanna agus seirbhísí. Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall an tacaíocht seo ar fáil mar gheall ar ár bhfeasacht ar an ról lárnach atá ag grúpaí pobail i bhfolláine pobail ar fud an Chontae. Tá an scéim maoinithe seo deartha chun cabhrú le grúpaí áitiúla leanúint le feabhsúcháin a sholáthar ina gceantair áitiúla féin.”

Ag trácht di ar an bhfógra, dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is mór ag Comhairle Contae Fhine Gall obair ár ngrúpaí pobail agus tá súil agam go gcuideoidh an maoiniú breise seo faoi Chiste Éigeandala COVID-19 leo leanúint leis an obair thábhachtach a dhéanann siad  laistigh dár gcontae. Molaim do phobail eolas a chur orthu féin faoin scéim maoinithe agus iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú má  bhraitheann siad go bhféadfadh sé cabhrú lenár n-iarrachtaí chun tacú lena chéile le linn na Paindéime seo.”

D’fháiltigh Emer O’Gorman, Stiúrthóir Seirbhíse um Fhorbairt Eacnamaíochta, Fiontraíochta, Turasóireachta agus Cultúrtha roimh an bhfógra á rá: “Tá fáilte roimh an infheistíocht seo inár bpobail áitiúla. Comhlánaíonn an maoiniú breise seo tionscnaimh atá á ndéanamh ag an gComhairle faoi láthair chun cuidiú le ceantair áitiúla.”  

Dúirt Declan Ryan, Príomhoifigeach Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Fhine Gall: “Bá cheart go mbeadh spéis ar leith ag an Scéim Maoinithe seo do ghrúpaí pobail agus deonacha mar nach bhfuil aon riachtanas ann go mbeadh maoiniú comhoiriúnach acu. Ba cheart go gcuirfeadh sé seo níos mó solúbthachta agus deiseanna ar fáil do ghrúpaí agus iad ag déanamh iarratais. Déanfar gach iarracht maoiniú a thabhairt don oiread grúpaí áitiúla agus is féidir leis an maoiniú atá ar fáil.”

Is é an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe ar líne a fháil ná 12:00 Dé hAoine 26 Feabhra, 2021.

Is féidir aon fhiosrúcháin a sheoladh chuig [email protected] .

NÍ GHLACFAR LE hIARRATAIS DHÉANACHA.