Council

20 Feb 2020
comedy

Des Bishop - Mia Mamma

Is minic a chuirtear an cheist orm “cá bhfaigheann tú d’abhar?” Is í fírinne an scéil i ndáiríre go ndéanaim iarracht an greann a fheiceáil i ngach rud. Fuair mo mháthair bás i Márta 2019 agus ar ndóigh bhí sé brónach agus is crua an rud é an brón in amanna ach chonaic mé cuid mhór grinn ansin freisin. Ó tharla go bhfaigheann muid go léir bás agus go mbeidh brón ar an chuid is mó againn, shíl mé go gcaithfidh sé go bhfuil daoine ann ar mhaith leo go roinnfí an greann sin. Lena chois sin rinne mé seó faoi m’athair a bheith tinn siar in 2010 agus ní thiocfadh liom aghaidh a thabhairt ar mo mháthair sa saol atá le teacht mar tá a fhios agam gurbh í an chéad cheist a chuirfeadh sí orm ná “Fuair Athair seó, cad chuige nach bhfuair mé féin ceann?”

13 Feb 2020
Film

Le Brio ar an scáileán ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

Bí linn le haghaidh oíche de scannánaíocht na Fraince agus de bhia* na Fraince nuair a bheidh an Cottage Café ag cur béilí éagsúla den scoth ar fáil mar aon le fíonta roimh an gheandrámaíocht iontach, ‘Le Brio’.

08 Feb 2020
Music

The Frank and Walters - Acoustic Duo

Tá The Frank and Walters ar an bhóthar arís le haghaidh sraith de ghigeanna ardmheanmain acústacha.

Agus na céadta amhrán eisithe acu a scríobh siad le tríocha bliain anuas, beidh an banna ag seinm na n-amhrán go léir is ansa leat agus dornán de shár-amhráin atá ligthe i ndearmad le fada.

01 Feb 2020
Music

NoCrows ag Ionad Ealaíon Séamus Ennis

**Mar gheall ar an ráchairt as cuimse, tá an 2ú dáta curtha ar fáil againn ar an Aoine 31 Eanáir! Cuir ticéad in áirithe roimh ré chun nach mbeidh díoma ort, le do thoil**

18 Jan 2020

5 Shúilóid Operation Transformation i bhFine Gall 18 Eanáir

Reáchtáiltear Siúlóidí Náisiúnta Operation Transformation Dé Sathairn 18 Eanáir. Tá 5 shiúlóid againn ar fud Fhine Gall - Baile Brigín, Gleann na hAbhann Sord, Páirc Bhaile an Phóirtéaraigh, Páirc San Caitríona, Páirc Bhaile an Tirialaigh - mar sin tar amach agus tosaigh an Bhliain Nua go beo!.