Housing

01 Nov 2019
Housing

Oiliúint Saor in Aisce á Tairiscint ag BTC agus Comhairle Contae Fhine Gall do Thiarnaí Talún i mBaile Átha Cliath mar chuid de Betterlet: Scéim Creidiúnaithe

Tá an Bord um Thionónachtaí Cónaithe (BTC) ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae Fhine Gall chun Scéim Betterlet BTC: Scéim Oiliúna do Thiarnaí Talún Creidiúnaithe a chur ar fáil. Tá BTC agus Roinn Tithíochta Fhine Gall ag tabhairt cuireadh do thiarnaí talún i gCo. Fhine Gall agus sna contaetha máguaird páirt a ghlacadh ina chúrsa creidiúnaithe lae, atá á chur ar fáil saor in aisce, ar an Satharn, an 30 Samhain, in Óstán an Clayton in Aerfort Bhaile Átha Cliath.  

15 Oct 2019
Housing

Forbairt bheartaithe de 11 theaghais ag Bóthar Ráth Béil, Sord

Tá cead pleanála á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall chun 11 theaghais a thógáil ag Bóthar Ráth Béil, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath.

San áireamh san fhorbairt bheartaithe beidh ceithre árasán aon seomra leapa amháin do bheirt, dhá árasán dhá sheomra leapa do thriúr, dhá árasán dhá sheomra leapa do cheathrar, agus trí árasán trí sheomra do chúigear.