Forbairt bheartaithe de 11 theaghais ag Bóthar Ráth Béil, Sord

Tá cead pleanála á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall chun 11 theaghais a thógáil ag Bóthar Ráth Béil, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath.

San áireamh san fhorbairt bheartaithe beidh ceithre árasán aon seomra leapa amháin do bheirt, dhá árasán dhá sheomra leapa do thriúr, dhá árasán dhá sheomra leapa do cheathrar, agus trí árasán trí sheomra do chúigear.

Tá cead pleanála á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall chun 11 theaghais a thógáil ag Bóthar Ráth Béil, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath.

San áireamh san fhorbairt bheartaithe beidh ceithre árasán aon seomra leapa amháin do bheirt, dhá árasán dhá sheomra leapa do thriúr, dhá árasán dhá sheomra leapa do cheathrar, agus trí árasán trí sheomra do chúigear.

Cuirfear spás ar fáil chun 14 fheithicil a pháirceáil agus spás stórála le haghaidh 20 rothar.

Áireofar in oibreacha forbartha an láithreáin bóthar rochtana, cosáin, teorainneacha láithreáin, spás seachtrach taitneamhachta, spás stórála coiteann do bhoscaí bruscair, draenáil, soilsiú seachtrach, fóntais agus seirbhísí.

Beidh pleananna agus mionsonraí na forbartha beartaithe ar fáil chun iad a scrúdú ar http://consult.fingal.ie/en/browse agus beidh táille le híoc chun scrúdú a dhéanamh ar na pleananna nó chun iad a cheannach ag costas réasúnach i rith gnáthuaireanta oibre idir Dé Máirt, an 15 Deireadh Fómhair 2019 agus Dé Céadaoin, an 13 Samhain 2019, sna hoifigí seo a leanas:

• Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2

• Comhairle Contae Fhine Gall, Oifigí na Cathrach, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638

• Comhairle Contae Fhine Gall, Leabharlann Shoird, Bóthar Ráth Béil, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath.

Is féidir aighneachtaí nó breathnóireachtaí a bhaineann leis an bhforbairt bheartaithe, atá ag déileáil le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe sa cheantar ina mbeadh an fhorbairt suite, a dhéanamh ar líne nó tríd an suíomh gréasáin: http://consult.fingal.ie/en/browse nó i scríbhinn chuig:

Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach,

An Roinn Tithíochta,

Comhairle Contae Fhine Gall,

Oifigí na Cathrach,

Bóthar an Gharráin,

Baile Bhlainséir,

Baile Átha Cliath 15,

D15 W638

 

Ní mór aighneachtaí nó breathnóireachtaí a dhéanamh ar, nó roimh, 5pm ar an Déardaoin, an 27 Samhain 2019.