Reáchtálann trí Chomhairle Contae i mBaile Átha Cliath an chéad Fhóram na nÚdarás Áitiúil/Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta

CAS Housing Balrothery

Tháinig na Comhairlí Contae Fhine Gall, Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Bhaile Átha Cliath Theas le chéile le Comhlachtaí Ceadaithe Tithe ag an gcéad cruinniú d'Fhóram Réigiúnach chun plé a dhéanamh ar dheiseanna leanúnacha comhpháirtíochta agus feabhas a chur ar sholáthar tithíochta.

Dúirt Catherine Keenan, An Stiúrthóir Tithíochta, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, a d'óstáil an chéad chruinniú: "Tá an cuspóir uileghabhálach céanna ag Údaráis Áitiúla agus Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta, is é sin tithe a sholáthar agus a bhainistiú ar mhaithe le teaghlaigh agus daoine a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu chun a riachtanais chóiríochta a chomhlíonadh. Tá ríméad orm gur tháinig 26 Comhlacht Ceadaithe Tithíochta atá ag oibriú ar fud na gcontaetha i mBaile Átha Cliath le chéile leis na hÚdaráis Áitiúla chun páirt a ghlacadh san Fhóram seo.

Is é cuspóir an Fhóraim Réigiúnaigh ceannairí i dtithíocht shóisialta a fhorbairt ó gach cearn den earnáil a thabhairt le chéile chun foghlaim agus taithí a bhailiú; chun athbhreithniú agus monatóireacht a dhéanamh ar spriocanna agus sruthanna soláthair; chun a chinntiú go bhfuil an próiseas maidir le deiseanna ar thionscadail roinnte trédhearcach agus cothrom; agus chun scrúdú a dhéanamh ar conas is féidir aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a théann i bhfeidhm ar sholáthar.

Dúirt Margaret Geraghty, An Stiúrthóir Tithíochta, Comhairle Contae Fhine Gall: "Tá go leor samplaí iontacha ann de sholáthar tithíochta trí mheán comhpháirtíochtaí le hÚdaráis Áitiúla agus Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta. Ní mór dúinn eolas agus deiseanna a roinnt trí fhorbairt a dhéanamh ar ár gcomhpháirtíochtaí ar éirigh leo roimhe sin. Ní mór dúinn ár gcomhphróisis a cuíchóiriú chomh maith d'fhonn daoine a chur i dtithe níos tapa."

Cuirfidh an Fóram Réigiúnach deis líonraithe ar fáil do cheannairí ó gach cearn den earnáil agus beidh an deis acu ionchur a dhéanamh i ngrúpaí oibre agus deachleachtas a roinnt. Cruinneoidh an Fóram le chéile gach trí mhí agus óstálfaidh na trí Chomhairle Contae é ar bhonn sealaíochta.

Dúirt Colm Ward, An Stiúrthóir Tithíochta, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, an méid seo a leanas faoi fhorbairt an Fhóraim nua: "Táimid go léir tiomanta do leas a bhaint as na naisc san earnáil d'fhonn forbairt a dhéanamh ar dheachleachtas agus cur leis an acmhainn soláthair."

Chuir Donal McManus, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhairle na hÉireann um Thithíocht Shóisialta, fáilte roimh an bhFóram: "Táimid ag súil leis an gcomhoibriú leanúnach idir na trí údarás áitiúla agus na Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta chun tacú lenár gcomhiarracht chun níos mó tithe a sholáthar do dhaoine a dteastaíonn tithíocht shóisialta uathu."