Oiliúint Saor in Aisce á Tairiscint ag BTC agus Comhairle Contae Fhine Gall do Thiarnaí Talún i mBaile Átha Cliath mar chuid de Betterlet: Scéim Creidiúnaithe

BetterLet

Tá an Bord um Thionónachtaí Cónaithe (BTC) ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae Fhine Gall chun Scéim Betterlet BTC: Scéim Oiliúna do Thiarnaí Talún Creidiúnaithe a chur ar fáil. Tá BTC agus Roinn Tithíochta Fhine Gall ag tabhairt cuireadh do thiarnaí talún i gCo. Fhine Gall agus sna contaetha máguaird páirt a ghlacadh ina chúrsa creidiúnaithe lae, atá á chur ar fáil saor in aisce, ar an Satharn, an 30 Samhain, in Óstán an Clayton in Aerfort Bhaile Átha Cliath.  

Tá sé mar aidhm le Betterlet: Scéim Creidiúnaithe Tiarnaí Talún BTC tacú le tiarnaí talún teacht ar thuisint níos fearr ar a gcearta agus freagrachtaí cíosa, agus eolas a roinnt leo maidir leis na hathruithe reachtacha is déanaí a mbeidh tionchar acu na léasanna atá acu faoi láthair nó a d’fhéadfadh a bheith acu amach anseo.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag, Caren Gallagher, Ceannasaí Cumarsáide agus Taighde BTC, faoin gcomhpháirtíocht nua agus faoi na buntáistí a bhaineann leis an scéim Betterlet; “Cúis áthais dúinn a bheith ag obair i gcomhpháirt le Roinn Tithíochta Chomhairle Contae Fhine Gall chun an seisiún oiliúna Betterlet a reáchtáil. Tá ról lárnach ag tiarnaí talún i mbailte sláintiúla agus sábháilte a chur ar fáil do dhaoine ar fud na tíre. Trí na seisiúin seo a reáchtáil le chéile, táimid go súil go mbeimid in ann tacú le tiarnaí talún teacht ar thuiscint ar chreat rialála casta na hearnála cíosa – idir na hathruithe is déanaí ar an dlí cíosa agus eolas a roinnt le tiarnaí talún maidir leis an méid a bhíonn i gceist le cigireacht údaráis áitiúil.

Cuireann ár scéim creidiúnaithe ar chumas tiarnaí talún rannpháirteacha áit ar leith a bhaint amach dóibh féin san earnáil cíosa agus a bheith aitheanta mar dhaoine gairmiúla a bhfuil seirbhís ar ardchaighdeán á cur ar fáil acu. Beidh níos mó eolais ag tiarnaí talún creidiúnaithe agus beidh siad níos muiníne chomh fada is a bhaineann le rialacháin a chur i bhfeidhm agus cloí leis na rialacháin chuí, rud a chabhróidh le pionóis nó díospóidí nach gá le tionóntaí a mhaolú.”

Beidh an cúrsa creidiúnaithe ar siúl idir 10:00am agus 5:00pm agus díreofar ar na réimsí seo a leanas, atá nuashonruithe mar thoradh ar na hathruithe reachtacha is déanaí: 

  • Treoir réamhthionónachta
  • Conas tionónacht a bhainistiú ó thús go deireadh
  • Cearta agus freagrachtaí – tiarna talún agus tionónta
  • Cosc díospóidí agus céard ba cheart a dhéanamh má bhíonn fadhbanna agat
  • Íoschaighdeáin – conas a chinntiú go bhfuil na híoschaighdeáin á gcomhlíonadh ag do réadmhaoin
  • Critéir agus díolúintí maidir le cáiliú do Chrios Brú Cíosa
  • Conas deireadh a chur le tionónacht – eolas maidir le conas fógra a sheirbheáil i gceart agus na cúiseanna ar féidir brath orthu

Beidh creidiúnú rannpháirtithe faoi réir measúnú gearr a dhéanamh ag deireadh an chúrsa agus nuair a bheidh an creidiúnú bronnta, beidh sé bailí ar feadh dhá bhliain.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Stiúrthóir Tithíochta Chomhairle Contae Fhine Gall, Margaret Geraghty; “Tá Comhairle Contae Fhine Gall fíorshásta a bheith ag obair le BTC ar an Tionscnamh seo, an chéad cheann dá leithéid atá le cur i bhfeidhm i bhFine Gall.

Tuigeann Comhairle Contae Fhine Gall go bhfuil ról an-tábhachtach ag tiarnaí talún i mbailte a chur ar fáil do thionóntaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos laistigh dár limistéar riaracháin. Is é an aidhm atá leis an scéim BetterLet oiliúint saor in aisce a chur ar fáil chun eolas a roinnt le tiarnaí talún maidir le gcearta agus freagrachtaí, athruithe beartais agus rialála san earnáil agus conas a dtionónachtaí a bhainistiú go héifeachtach. 

In 2017, bhunaigh Fine Gall aonad nua sa Roinn Tithíochta atá freagrach as cigireacht a dhéanamh, ar bhonn réamhghníomhach, ar gach cóiríocht phríobháideach ar cíos in bhFine Gall d’fhonn comhlíonadh leis na rialacháin ábhartha a chinntiú. Go dtí seo, tá breis is 5,000 cigireacht déanta ar chóiríocht phríobháideach ar cíos ó 2017 agus tá na spriocanna a bhí sonraithe ag an Roinn Tithíochta maidir le cigireacht ar chóiríocht phríobháideach ar cíos sáraithe. I láthair na huaire, tá 21,034 réadmhaoin phríobháideach ar cíos cláraithe i bhFine Gall.

Mholfainn do thiarnaí talún páirt a ghlacadh sa seisiún oiliúna saor in aisce, seisiún a thabharfaidh léargas soiléir agus grinn ar an réimse casta seo, táim cinnte.”

Más spéis leat tuilleadh eolais faoin scéim, nó más mian leat clárú don chúrsa creidiúnaithe, déan teagmháil le BTC ag [email protected] nó tabhair cuairt ar www.rtb.ie chun teacht ar thuilleadh eolais.

Chun tuilleadh eolais a fháil nó agallamh a eagrú le hionadaí BTC, déan teagmháil le:

Aine Roddy, Carr Communications, [email protected] / 087 777 3688

 

CRÍOCH

 

NÓTAÍ DO NA HEAGARTHÓIRÍ

Maidir le BTC

Is comhlacht poiblí é an Bord um Thionónachtaí Cónaithe Príobháideacha (BTC) a bunaíodh chun tacú le agus forbairt a dhéanamh ar earnáil tithíochta cíosa atá ag feidhmiú go héifeachtach. Cumhdaítear inár sainchúram tithíocht ar cíos san earnáil phríobháideach, earnáil faofa na gcomhlachtaí tithíochta, cóiríocht do mhic léinn. Is é an ról atá againn tithíocht ar cíos san earnáil phríobháideach a rialú; eolas a chur ar fáil do thionóntaí agus do thiarnaí talún; clár náisiúnta tionónachtaí a chothabháil; díospóidí idir tionóntaí agus tiarnaí talún a réiteach; tús a chur le himscrúdú maidir le hiompraíocht tiarna talún; agus taighde a dhéanamh agus eolas a sholáthar do bheartas.

Eolas, oideachas agus taighde

Cuirimid eolas ar ardchaighdeán ar fáil do thionóntaí agus do thiarnaí talún agus don phobal i gcoitinne, chun cabhrú leo a gcearta agus a bhfreagrachtaí a thuiscint. Cuirimid taighde agus sonraí beachta agus údarásacha ar fáil don earnáil cíosa, cosúil le hInnéacs Ráithiúil Cíosa BTC, a chuireann ar ár gcumas monatóireacht a dhéanamh ar threochtaí san earnáil cíosa, agus a chuireann ar chumas daoine aonair cíosanna i suíomhanna áirithe a chur i gcomparáid lena chéile.

Clárúcháin

Tá dualgas ar gach tiarna talún cónaithe príobháideach, Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta agus tiarnaí talún cóiríocht do mhic léinn, a dtionónachtaí a chlárú. Tá clár poiblí ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Cuireann clárú tionónachtaí ar ár gcumas sonraí tábhachtacha faoin earnáil a bhailiú, agus is cuid lárnach é freisin de rialú agus tacú leis an earnáil, agus a chinntiú go dtuigeann tiarnaí talún agus tionóntaí a gcearta agus freagrachtaí.

I measc na n-athruithe a dhéanfar ar an reachtaíocht amach anseo beidh clárú bliantúil a chiallaíonn go mbeidh gach tionónacht á clárú ag tiarnaí talún gach bliain ó dháta tosaithe na tionónachta ag táille níos ísle ná an táille a bhaineann leis an bpróiseas cláraithe tionónachta faoi láthair. Déanfaidh BTC teagmháil le tiarnaí talún sula gcuirfear an t-athrú seo i bhfeidhm.

Seirbhísí réitigh díospóidí

Ó 2004, táimid tagtha in ionad na gcúirteanna agus táimid ag déileáil le formhór na ndíospóidí idir tiarnaí talún agus tionóntaí trínár Seirbhís Réitigh Díospóidí. Tá dhá chineál mhodh réitigh á thairiscint ag an tseirbhís seo do pháirtithe – idirghabháil nó breithniú.

Imscrúduithe agus smachtbhannaí

Tá aonad nua imscrúduithe agus smachtbhannaí bunaithe ag BTC atá dírithe ar imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith á ndéanamh ag tiarna talún ar an dlí cíosa i ndáil le cíos nach bhfuil socraithe go dleathach laistigh de Chrios Brú Cíosa, nó sa chás go bhfuil fógra foirceannta seirbheáilte agus go bhfuil cúis á lua nár ghníomhaigh an tiarna talún uirthi. D’fhéadfadh BTC tús a chur leis na himscrúduithe seo go réamhghníomhach nó bunaithe ar ghearán faighte ó bhall den phobal. I measc na smachtbhannaí ar féidir le BTC iad a chur i bhfeidhm tá foláireamh agus/nó costais tabhaithe ag BTC, suas go dtí €15,000, nuair a bhí an cheist á himscrúdú.

Maidir le Roinn Tithíochta Chomhairle Contae Fhine Gall

Tá Plean Gníomhaíochta Atógáil Éireann á chur chun feidhme ag Roinn Tithíochta Chomhairle Contae Fhine Gall thar chúig cholún an Phlean trí thacaíocht tithíochta sóisialta a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil ar a gcumas freastal orthu féin bunaithe ar a n-acmhainní féin, agus tá tosaíocht á tabhairt do sheirbhísí do dhaoine gan dídean, seirbhísí coisc ina measc.

Tá réitigh tithíochta curtha ar fáil ag Comhairle Contae Fhine Gall do 5,170 teaghlach thar shaolré Straitéis Tithíochta 2020 agus Phlean Gníomhaíochta Atógáil Éireann trí raon meicníochtaí seachadta lena n-áirítear tógáil, Cuid V, éadálacha, léasú agus an Scéim um Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ICT).

Idir 2015-2017, chuir Comhairle Contae Fhine Gall 2,241 teach ar fáil, níos mó ná an sprioc chomhaontaithe de 1,376. In 2018, chuir Fine Gall 1,953 teach ar fáil, níos mó ná an sprioc de 1,826. Le haghaidh 2019, is é 2,184 teach an sprioc atá ag Fine Gall, méadú 20% ar an mbliain seo caite, lena n-áirítear tógálacha nua, Cuid V, éadálacha, léasú, ICT agus Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC).

Tá clár tógála uaillmhianach ag Comhairle Contae Fhine Gall - tá obair ar bun ag 22 suíomh ar fud an chontae agus tá 210 teach curtha ar fáil cheana féin. Ina theannta sin, tá roinnt scéimeanna ag an gcéim réamhphleanála, scéimeanna a bhforbrófar as seo go ceann bliana.

Chomh maith leis sin, tá a chéad Scéim Tithíochta Inacmhainne á forbairt ag Comhairle Contae Fhine Gall, scéim a bhfuil sé mar aidhm leis déileáil le roinnt de na dúshláin a bhíonn le sárú ag lucht ísealioncaim agus meánioncaim nuair a bhíonn iarracht á déanamh acu réadmhaoin a cheannach. Tá léirithe spéise lorgtha ag an gComhairle ó chomhpháirtithe forbartha do dhearadh, soláthar agus díol na scéime ag Dún Eimhire i Lusca. Tá €1.5m leithdháilte le haghaidh atógáil Lána Choill Hoiste faoi Chiste Suíomhanna Seirbhísithe an Rialtais, ciste a bunaíodh chun príomh-infreastruchtúr éascaithe a chur ar fáil, ar thalamh poiblí, chun tacú le tithe inacmhainne, le ceannach nó le ligean ar cíos, a chur ar fáil.

Chomh maith leis sin, bainistíonn agus cothaíonn an Roinn stoc tithíochta na Comhairle agus aga slánúcháin bearnaí tithíochta, agus soláthraíonn sé seirbhísí do thionóntaí na comhairle, dóibh siúd a bhfuil riachtanas tithíochta acu, agus do shealbhóirí príobháideacha tí trí iasachtaí tithíochta agus deontais oiriúnaithe. Chomh maith leis sin, tá an Roinn Tithíochta freagrach as cur i bhfeidhm gníomhaíochta faoin gClár Cóiríochta do Thaistealaithe.

In 2017, bhunaigh Comhairle Contae Fhine Gall aonad nua sa Roinn Tithíochta atá freagrach as cigireacht a dhéanamh go réamhghníomhach ar gach cóiríocht phríobháideach ar cíos i bhFine Gall chun comhlíonadh leis na rialacháin ábhartha a chinntiú.

 
Más spéis leat tuilleadh eolais, seol ríomhphost chuig [email protected]