Leanann an Chomhairle dá gealltanais faoi Atógáil Éireann a chur i gcrích

 

D'fhaomh comhairleoirí i gComhairle Contae Fhine Gall pleananna chun 87 teach sóisialta eile a thógáil ar thrí láithreán i Sord, Ceapach agus Cluain Seach, fad a leanann an Chomhairle dá gealltanais faoin bPlean Gníomhaíochta Atógáil Éireann a chur i gcrích. .

Ó 2015 i leith, sholáthar Comhairle Contae Fhine Gall os cionn 6,200 réiteach tithíochta trí réimse meicníochtaí soláthair, lena n-áirítear tógáil, Cuid V, ceannaigh, léasú agus Íocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta (ÍCT).

"Le cúig bliana anuas, tá comhairleoirí agus baill foirne ag obair as lámh a chéile chun níos mó tithe a chur ar fáil i bhFine Gall, agus d'éirigh linn níos mó tithe a chur ar fáil gach bliain ná a chuireamar ar fáil sa bhliain roimhe sin. Ach tá obair fós le déanamh má táimid chun laghdú a dhéanamh ar líon na ndaoine atá gan dídean agus líon na ndaoine atá ar an liosta tithíochta, ach tá dul chun cinn á dhéanamh againn," a dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien.

Ó 2016 i leith, thóg an Chomhairle 288 teach. In 2019, cuireadh tithe ar Bhóthar Avondale agus Bóthar an Teampaill i mBaile Átha Cliath 15 i gcrích, chomh maith le tithe i mBaile Róil agus Fearann an Chaisleáin i mBaile Brigín. Tá tógáil ar siúl ag ceithre láithreán, rud a chuirfidh 98 teach breise ar fáil in 2020. Tá 236 teach eile ag céim na tairisceana nó sa phróiseas pleanála.  

Is leis an gComhairle os cionn 5,500 teach teaghlaigh agus déanann sí iad a bhainistiú. Tugann na tithe sin cóiríocht ar fáil do 20,000 duine. Dúirt Margaret Geraghty, Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail, go dtugtar tithe sóisialta i bhFine Gall chuig iarrthóirí incháilithe ar an Liosta Feithimh Tithíochta, de réir théarmaí na Scéime Leithdháilte um Thacaíocht Tithíochta Sóisialta.

"Níor tháinig aon athrú ar ár mbeartais seanbhunaithe agus is é sin an bealach is cothroime is féidir chun tithe a leithdháileadh orthu siúd ar an liosta tithíochta. Táimid freagrach as riachtanais tithíochta ár bpobail a chomhlíonadh. I measc an phobail i bhFine Gall tá daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine gan dídean, an lucht siúil agus ár ndaonra imirceach atá ag méadú.

"Le déanaí, d'fhoilsigh an Chomhairle Straitéis um Imeascadh Imirceach agus Comhtháthú Sóisialta chun a chinntiú go gcomhlíonann Comhairle Contae Fhine Gall riachtanais ár ndaonra éagsúil atá ag fás. Leagtar amach ann ár dtiomantas d'imeascadh imirceach ar fud an chontae a chur chun cinn," a dúirt Iníon Geraghty.

Dúirt sí chomh maith gur eochairchuspóir na Comhairle é tithe inacmhainne a chur ar fáil agus tharraing sí aird ar cé chomh maith is a d'éirigh leis an Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann i bhFine Gall. Ó cuireadh tús leis an scéim i bhFeabhra 2018, tarraingíodh 191 iasacht arbh fhiú €41.78 milliún iad as cheana féin agus tá 235 iasacht bhreise faofa ar fiú €52.27 milliún iad.

Déanfar éascaíocht ar sholáthar na dtithe inacmhainne sa chontae ag ceithre láithreán mar gheall ar mhaoiniú €18 milliún a chuirfear ar fáil faoin gCiste Suíomhanna Seirbhísithe. Tabharfar an chéad cheann de na scéimeanna sin isteach i Lusca le linn 2020 agus rollfar na cinn eile amach i Mullach Eadrad, Ceapach agus Baile an Aicéadaigh.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ar tí tógáil a céad tionscadal faoin Scéim Gníomhachtaithe um Bhonneagar Tithíochta Áitiúil, mar tá Bóthar Dáileacháin Dhomhnach Bat beagnach réidh le hoscailt. Déanfaidh sé sin éascaíocht ar rochtain ar thalamh faoi úinéireacht na Comhairle ag Baile Mastún. Dá bharr sin, soláthrófar idir 1,000 agus 1,200 teach ina mbeidh forbairtí le tionóntachtaí measctha, is é sin 20% teach sóisialta, 20% teach inacmhainne agus 60% teach príobháideach, chomh maith le scoileanna agus mol áineasa.

Is cuid den tionscnamh 'Project Talamh' é Baile Mastún, tionscnamh a fhorbróidh tailte le haghaidh tithíocht le tionóntachtaí measctha ag Church Fields i mBaile Átha Cliath 15 agus Ceapach i bhFionnghlas freisin. Mar gheall ar na cúlsoláthair talún sin a fhorbairt, beifear ábalta os cionn 2,000 teach a sholáthar.

Tá obair tosaithe ar an dara tionscadal LIHAF de chuid Fhine Gall, Bóthar Ráth Béil i Sord, agus táthar díreach tar éis an tairiscint don tríú tionscadal ag Steach Póilín, Baile Dúill, a bhronnadh. Soláthróidh na trí thionscadal straitéiseacha sin 2,800 teach roimh 2021 agus tá an acmhainn fhadtéarma ann éascaíocht a dhéanamh ar 6,900 aonad a sholáthar.

Tá dea-scéala ann ó thaobh gníomhaíocht san earnáil tithíochta príobháidí freisin. Faoi láthair, tá 135 láithreán sa chontae agus tá cead pleanála tugtha le haghaidh 15,430 aonad. Tá ochtó trí de na láithreáin sin gníomhach agus tá 4,950 aonad curtha ar fáil go dtí seo, tá 2,400 aonad á dtógáil faoi láthair agus tá 3,200 aonad le soláthar. In 2019, tá 14 láithreán críochnaithe go hiomlán inar soláthraíodh 1,290 aonad.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: "Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair i gcomhar le páirtithe leasmhara chun a chinntiú go bhforbraítear tithíocht shóisialta, inacmhainne agus phríobháideach ar fud na tíre. Ó 2015 i leith, táimid ag díriú ar an ngá atá ann infreastruchtúr agus tithíocht a sholáthar in éineacht le chéile. Is é an tiomantas atá ann Fine Gall a fhás ar bhealach inbhuanaithe nádúrtha atá taobh thiar den Phlean Forbartha atá againn faoi láthair, agus táimid ag iarraidh a chinntiú go dtagann na pobail nua agus na pobail atá ann le chéile go réidh."

 

A new social housing development at Rolestown is under construction.