2251 - 2260 of 3301 results
Laghdú Cánach Maoine Áitiúil 10% A Choinneáil ríthábhachtach chun seirbhísí na Comhairle a chothabháil
Deir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly, go bhfuil cinneadh na gcomhairleoirí ag cruinniú na Comhairle an mhí seo chun laghdú 10 faoin gcéad a choinneáil ar an gCáin Maoine Áitiúil do 2021 ríthábhachtach chun seirbhísí na Comhairle a chothabháil an bhliain seo chugainn.
Torthaí den scoth do Pháirceanna Fhine Gall i nGradaim na mBrat Glas 2020
Tá áthas an domhain ar Chomhairle Contae Fhine Gall 7 mBrat Glas a fháil mar chuid de Ghradaim iomráiteacha na mBrat Glas 2020.
An Scéim Cúnaimh Airgeadais d’Imeachtaí agus Féilte 2020
Sheol Aonad Imeachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall a ghairm ar iarratais do ghrúpaí agus eagraíochtaí a lorgaíonn cúnamh airgeadais d’Fhéilte agus Imeachtaí a thitfidh amach in 2020.
Fáiltíonn an Chomhairle roimh an dul chun cinn atá á dhéanamh ar thionscadal na n-oibreacha feabhais i Mullach Íde.
Tá fáilte curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall roimh an dul chun cinn suntasach atá déanta ar thionscadal Oibreacha Feabhais Fhaiche an tSráidbhaile i Mullach Íde, oibreacha a bhfuiltear ag súil a gcuirfear críoch leo roimh dheireadh na bliana.
Tosaíonn cruinnithe faisnéise na Comhairle ar réiteach fadtéarmach ar shaincheisteanna creimthe ag Port Reachrann
Chuir Comhairle Contae Fhine Gall tús le sraith seisiún eolais beo ar líne le cónaitheoirí agus úinéirí gnó chun iad a chur ar an eolas faoin bPlean Bainistíochta Tuilte agus Creimeadh Cósta d’Inbhear Bhaile Roiséir.
Tá Sé Thar Am Rith Mórthimpeall Do Bhaile
D’eagraigh Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirtíocht le Club Treodóireachta Fhine Gall agus Cumann Treodóireachta na hÉireann agus le tacaíocht ó Spórt Éireann tríd an gCiste um Chuntais Díomhaoine tionscnamh treodóireachta nuálach darb ainm ‘Rith Mórthimpeall Do Bhaile.’
Seaimpíní Gailf Dhá Mhaide Fhine Gall agus na Mí Thoir 2020
Bhí áthas an domhain ar Oifig Spóirt Fhine Gall agus ar rannpháirtithe díograiseacha go raibh Craobh Gailf Dhá Mhaide Fhine Gall agus na Mí Thoir in ann dul ar aghaidh i 2020. Bhí an comórtas ar siúl thar thrí thráthnóna go déanach i mí Lúnasa agus Meán Fómhair ar Chúrsaí Gailf Dhá Mhaide Bhaile Bachaille, Baile an Bheileogaigh agus Coimín na Roinne.
Winter's Restaurant
Suite i suíomh síochánta den Óstán Airport View, tá Bialann Winters anois ina bialann seanbhunaithe i gceantar Chontae Thuaidh Bhaile Átha Cliath.
Cottage Café
Tá an Cottage Café ag an Ionad Ealaíon Seamus Ennis oscailte 7 lá sa tseachtain, 10rn - 5in (na horduithe deireanacha roimh 4:30 in) ag cur bricfeasta ar fáil i rith an lae agus roghanna lóin úra, cócaráilte sa bhaile.