Torthaí den scoth do Pháirceanna Fhine Gall i nGradaim na mBrat Glas 2020

Tá áthas an domhain ar Chomhairle Contae Fhine Gall 7 mBrat Glas a fháil mar chuid de Ghradaim iomráiteacha na mBrat Glas 2020.

Millennium Park flag

Is caighdeán tagarmharcála idirnáisiúnta é Gradam an Bhrait Ghlais do pháirceanna agus spásanna glasa agus tá sé mar aidhm ag an scéim soláthar páirceanna poiblí ar ardchaighdeán a spreagadh agus spásanna glasa a bhainistítear ar bhealaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.  Toisc nach bhféadfadh searmanas na ngradam dul ar aghaidh mar is gnáth, roghnaigh An Taisce roinnt suíomhanna i bhFine Gall chun searmanas fíorúil um ardú bratach a theafadadh chun tréaslú leis na daoine go léir a fuair duaiseanna ar fud na tíre leis an Aire Stáit Joe O’Brien, Leas-Mhéara Fhine Gall Robert O’Donoghue agus roinnt d’fhoireann Fhine Gall atá le feiceáil san fhíseán.

Is iad na páirceanna a bhuaigh duaiseanna i bhFine Gall chun Gradam Brat Glas a fháil i 2020 ná Ard Giolláin, Diméin Mhullach Íde, Páirc na Mílaoise, Teach agus Feirm an Droichid Nua, Diméin Sheantraibh agus Páirc San Caitríona. Ní bhronntar ach as sárchaighdeáin chomhshaoil a shárú i mbainistíocht spáis ghlais, agus sármhaitheas nithe is díol spéise do chuairteoirí – is é Gradam an Bhrait Ghlais do Pháirceanna cruthúnas ar pháirc nó spás glas ardchaighdeáin agus aithnítear é ar fud an domhain. Is éacht iontach é mar sin do pháirceanna Fhine Gall a bronnadh an gradam orthu.

Flag 2

Chomh maith leis na gradaim foriomlána bhí an-áthas ar Fhine Gall gradam ‘Ardmholta’ a fháil laistigh den Ghradam Tionscnaimh Pailneora do Pháirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir mar aitheantas ar chinneadh na bainistíochta deireadh a chur le húsáid luibhicídí laistigh den pháirc.

Tháinig an Pháirc saor ó lotnaidicídí in 2018 tar éis laghdú 1/3 gach bliain ó 2016 mar chuid de thionscnaimh a thacaíonn le pailneoirí de chuid na páirce. Úsáidtear móta, seachtháirge ár gclár cothabhála crann, go han-rathúil mar shochtach fiailí timpeall crainn, binsí, ballaí teorainn, boscaí bruscair agus eilimintí páirce eile. Ní hamháin go gcuireann úsáid móta coirt deireadh leis an riachtanas maidir le lotnaidicíd a úsáid ach laghdaíonn sé ár n-astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin freisin de réir mar a laghdaíonn an ceantar gearrtha féir. Cuireann an laghdú breise ar cheantair ghearrtha féir maraon le plandáil bhliantúil a thacaíonn le pailneoirí béim ar stádas Brat Glas na páirce.

Green Flag 2020

Fuair Fine Gall a céad Gradam Pobail freisin don Ghairdín Carraigeacha, Sord mar aitheantas don chomhoibriú idir an grúpa pobail áitiúil agus Comhairle Contae Fhine Gall ag obair le chéile chun spás glas pobail a fheabhsú. Forbraíodh an pháirc bheag ar Bhóthar Ráth Béil i 2018 i gcomhiarracht idir Chomhairle Contae Fhine Gall agus Bailte Slachtmhara Sord agus tá-an tóir air anois mar spás lasmuigh chun suí agus scíth a ligean. In Éirinn tá comhordú Scéim Gradaim Pobail na mBrat Glas, a chumasaíonn grúpa pobail chun a bpobal agus a dtimpeallacht áitiúil a fheabhsú, indéanta a bhuíoch le tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Ag labhairt dó faoin ngradam dúirt Méara Fhine Gall an Comhairleoir David Healy: “Ba mhaith liom tréaslú le gach duine i gComhairle Contae Fhine Gall as sárchaighdeán a gcuid páirceanna atá aitheanta sna gradaim Brat Glas seo. Tá ról ollmhór ag páirceanna inár saol agus tá siad chomh tábhachtach dár bhfolláine fhisiceach agus mheabhrach, go háirithe i mbliana nuair a bhí cuairt chuig an bpáirc mar bhuaicphointe i saol go leor daoine le linn srianta Covid-19.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Tá an-bhród ar Chomhairle Contae Fhine Gall na gradaim seo go léir a fháil agus ba mhaith leis an gComhairle tréaslú leis an bhfoireann go léir a choinníonn agus a bhainistíonn na láithreáin seo a fhágann gur féidir páirt a ghlacadh sna gradaim seo. Bhí sé an-tábhachtach spás a sholáthar inar féidir le daoine taitneamh a bhaint as an gceantar lasmuigh go sábháilte i mbliana agus bhain daoine de gach aois agus spéis ar fud an chontae taitneamh as ár bPáirceanna ar scála nach bhfacthas roimhe.”

Dúirt Kevin Halpenny Ceannfort Sinsearach na bPáirceanna: “Tá áthas an domhain orainn na Gradaim Brat Glas seo a fháil mar fhianaise ar thiomantas Roinn Páirceanna agus Bonneagair Ghlais Chomhairle Contae Fhine Gall Páirceanna agus Spásanna Oscailte a fhorbairt a chothromaíonn inbhuanaitheacht chomhshaoil agus bithéagsúlacht le taitneamhachtaí a sholáthar ar féidir le gach duine a úsáideann an pháirc taitneamh a bhaint astu.”

Dúirt Stiúrthóir Oibríochtaí David Storey: “Is dea-scéal nuachta iad na gradaim Brat Glas seo agus tugann siad aitheantas d’iarrachtaí na bhfoirne Oibríochtaí i bpáirceanna ar fud Fhine Gall agus iad ag tabhairt faoi na dúshláin bainteach le srianta agus treoirlínte Covid-19. Bhí an-tóir ar pháirceanna i mbliana agus thug an fhoireann aghaidh ar an dúshlán fáilte a chur roimh na huimhreacha méadaithe seo agus eispéireas cuairteora taitneamhach a sholáthar agus a chinntiú go gcomhlíontar treoirlínte Covid-19.”