Tosaíonn cruinnithe faisnéise na Comhairle ar réiteach fadtéarmach ar shaincheisteanna creimthe ag Port Reachrann

Portrane Coastal Erosion

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall tús le sraith seisiún eolais beo ar líne le cónaitheoirí agus úinéirí gnó chun iad a chur ar an eolas faoin bPlean Bainistíochta Tuilte agus Creimeadh Cósta d’Inbhear Bhaile Roiséir.

Is fadhb dheacair í tuilte agus creimeadh cósta feadh Inbhear Bhaile Roiséir, atá ina limistéar íogair ó thaobh an chomhshaoil de, le réiteach. Tá an córas cósta timpeall ar Inbhear Bhaile Roiséir casta mar gheall ar an difríocht mhór idir taoidí arda agus ísle agus an damáiste a d’fhéadfadh tonnta, a thagann i dtreo ó uillinneacha éagsúla, a dhéanamh. Méadaíodh an bhagairt seo go suntasach le blianta beaga anuas de bharr líon na stoirmeacha móra a tharla i gcomhthráth le leibhéil arda uisce taoide os cionn ceithre mhéadar.

Roinnt blianta ó shin, d’fhostaigh an Chomhairle innealtóirí speisialaithe ó RPS chun staidéar a dhéanamh ar na saincheisteanna laistigh d’Inbhear Bhaile Roiséir agus plean a ullmhú le haghaidh réitigh eatramhacha agus fadtéarmacha. Mar thoradh ar seo suiteáladh 1 ciliméadar d’aonaid choincréite Seabee ar Thrá an Choinicéir i bPort Reachrann a mhoilligh an ráta creimthe.

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar na roghanna fadtéarmacha go léir chun an ráta creimthe ag Port Reachrann a laghdú, mhol RPS struchtúir gradhaine le cruth Y atá deartha go speisialta a shuiteáil a chomhlánóidh scéim athchothaithe trá d’fhonn leibhéal trá oiriúnach a bhaint amach. Is é an plean fuinneamh tonnta teagmhais a laghdú feadh an chósta trí dhoimhneacht an uisce atá i réim a theorannú agus bagairt an chreimthe a mhaolú. Rialóidh na gradhana gluaiseacht  gaineamh trasna na trá agus cuirfidh siad cosc ar an ngaineamh a bhaint den trá le linn eachtra stoirme amháin. Tá an córas seo in úsáid cheana féin ag Clacton-on-Sea i Sasana.

Féachtar ar an réiteach seo mar an rogha is dóichí a mbeidh an tionchar is fearr aige maidir le leibhéal an chreimthe a theorannú agus tá tuilleadh sonraí ar fáil ó Phlean Bainistíochta Riosca Tuilte agus Creimeadh Cósta Bhaile Roiséir ar féidir a fheiceáil ag https://consult.fingal.ie/en/consultation/coastal-defence-proposals-portrane-rush.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair i gcomhar leis na gníomhaireachtaí Stáit ábhartha, lena n-áirítear Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS), ar an saincheist seo leis na hinnealtóirí speisialaithe ó RPS ag tabhairt comhairle le haghaidh réitigh eatramhacha agus fadtéarmacha.

Fáiltíonn an Chomhairle roimh bhunú Grúpa Stiúrtha na Straitéise Náisiúnta maidir le Bainistíocht um Athrú Cósta ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD. Cuireadh de chúram air breithniú a dhéanamh ar straitéis athraithe cósta comhtháite iomlán an Rialtais a fhorbairt agus tá sé le tuairisciú don Rialtas laistigh de shé mhí le torthaí agus moltaí tosaigh.

Leanann Comhairle Contae Fhine Gall ag obair le cónaitheoirí agus úinéirí gnó atá buailte ag creimeadh cósta agus tuilte in Inbhear Bhaile Roiséir agus tá sí tiomanta i gcónaí réiteach fadtéarmach a sholáthar do na saincheisteanna a tharlaíonn mar thoradh ar chreimeadh cósta. Cé go bhfuil siad an-eolach faoin aincheist atá os comhair roinnt sealbhóirí tí agus úinéirí gnó i bPort Reachtann faoi láthair, léirigh taighde nach n-oibríonn réitigh ad-hoc áitiúla chun creimeadh cósta a chosc agus go gcuireann siad na dumhcha i mbaol nos mó ó dhamásite ó stoirmeacha.

 

I 2016, bhunaigh Comhairle Contae Fhine Gall Grúpa Idirchaidrimh Cósta Fhine Gall mar fhreagairt ar na hábhair imní leanúnacha maidir le Creimeadh Cósta agus Tuilte Cósta i bhFine Gall agus chun freastal ar an ngá le freagairt struchtúrtha soiléir chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní seo agus cumarsáid idir páirtithe leasmhara ábhartha a fheabhsú. Soláthraíonn an Grúpa fóram chun plé a dhéanamh ar na cineálacha cur chuige maidir le fadhbanna Créimeadh agus Tuilte Cósta a phleanáil agus déileáil leo agus tá sé comhdhéanta de Chomhairleoirí Contae, Oifigigh Chomhairle agus baill phobail ó gach ceann de na ceantair atá buailte i bhFine Gall. Is iadsan An Ros (Trá Thuaidh agus Trá Theas), Port Reachrann agus Cill Fhionntain.