Seaimpíní Gailf Dhá Mhaide Fhine Gall agus na Mí Thoir 2020

Pitch and Putt 2

Bhí áthas an domhain ar Oifig Spóirt Fhine Gall agus ar rannpháirtithe díograiseacha go raibh Craobh Gailf Dhá Mhaide Fhine Gall agus na Mí Thoir in ann dul ar aghaidh i 2020. Bhí an comórtas ar siúl thar thrí thráthnóna go déanach i mí Lúnasa agus Meán Fómhair ar Chúrsaí Gailf Dhá Mhaide Bhaile Bachaille, Baile an Bheileogaigh agus Coimín na Roinne. 

Bhí an comórtas ar siúl thar thrí thráthnóna le hamanta tiála agaithe, tosaithe gránghunna agus tiomsaíodh tábla sraithe de phointí carntha gach tráthnóna tar éis na himeartha. Chuir Coimín na Roinne trí fhoireann isteach sa chomórtas, agus bhí foirne ó Bhaile Bachaille, Baile an Bheileogaigh agus ó Na Sceirí freisin.

D’imir na foirne i mbeirteanna le hocht imreoir ó gach foireann ag imirt ar chúrsa difriúil gach oíche. Ar an oíche dheireanach i gCoimín na Roinne bhí deis ag trí fhoireann a bheith ina seampíní. Faoi dheireadh na himeartha bhí ocht bpointe san iomlán aimsithe ag Baile Bachaille agus Baile an Bheileogaigh agus imríodh cluiche réitigh trí pholl i measc dhá phéire ó gach foireann.

Chuaigh péire Bhaile Bachaille An Captaen Alan Carroll agus Jimmy Browne ceann amháin chun tosaigh tar éis do Bhaile an Bheileogaigh a dhá amas a chailliúint chun a gcluiche a laghdú. Sna beirteanna sa dara cluiche réitigh chuaigh Baile an Bheileogaigh ceann amháin chun tosaigh go dtí an 18ú nuair a rinne Noel Dunne ó Bhaile Bachaille tíbhuille iontach agus scóráil Peter Moore éinín air leis an amas deireanach chun an cluiche réitigh beirteanna sin a laghdú agus bhuaigh Baile Bachaille an cluiche dá bharr.

 

Thug Baile Bachaille, Seaimpíní Gailf Dhá Mhaide Fhine Gall agus na Mí Thoir i mbliana, an corn abhaile leo don dara huair ó thosaigh an comórtas seo i 2015. Ceiliúradh dúbailte a bhí ann do bhuaiteoirí an chomórtais Club Gailf Dhá Mhaide Bhaile Bachaille agus iad ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód i mbliana.  

 

Dúirt Méara Fhine Gall an Comhairleoir David Healy: “Comhghairdeas le Club Gailf Dhá Mhaide Bhaile Bachaille as an gcomórtas a bhuachan agus a gcomóradh 50 bliain a bhaint amach i mbliana. Ba mhaith liom freisin Oifig Spóirt Fhine Gall a mholadh a bhfuil sár-obair déanta acu le linn na bliana seo le roinnt smaointe nuálacha agus cruthaitheacha ar nós An tSraith Digifit Fhine Gall agus tionscnaimh eile ar líne.”

 

Ag labhairt di faoin gcomórtas, dúirt Caitríona Geraghty, Oifigeach Forbartha Spóirt agus Comhbhunaitheoir an chomórtais le Ronnie Delaney as Baile Bachaille: “Bhí Ronnie diongbháilte go mbeadh an comórtas ar siúl i bhformáid éigin agus tá an-áthas orainn tacú leis in Oifig Spóirt Fhine Gall. Cuireadh an fhormáid in oiriúint ionas go bhféadfadh sé dul ar aghaidh agus é ag cloí le Treoirlínte PPUI,  FSS agus Oifig Spóirt Fhine Gall ar Fhilleadh ar an Imirt.”  

 

Dúirt Margaret Geraghty Stiúrthóir Seirbhísí Tithíochta agus Pobail: “Aithním an tábhacht ollmhór atá leis an spórt agus leis an bpobal i saol daoine agus táimid tiomanta do Fhilleadh ar an Imirt a éascú agus muid ag cloí le treoirlínte Covid-19.  Is dea-scéal nuachta é go bhféadfadh an comórtas seo dul ar aghaidh agus tréaslaím le Baile Bachaille as an mbua agus as an sprioc thábhachtach 50 bliain ar an bhfód a bhaint amach.”

Mhol Cathaoirleach Choimín na Roinne Tom McHale tacaíocht Chomhairle Contae Fhine Gall do chomórtas chomh mór le rá sa féilire Gailf Dhá Mhaide agus bhí áthas air go raibh an cluiche ceannais ar siúl ag an bpáirc imeartha i gCoimín na Roinne. 

 

Agus an ócáid bhronnta á hachoimre aige bhí Ronnie Delaney an-bhuíoch as tacaíocht an chomórtais  atá dírithe ar chluiche Gailf Dhá Mhaide a chur chun cinn níos mó i gceantar Fhine Gall & na Mí Thoir agus ghabh sé buíochas le Kit Callaghan agus Jimmy Caul as Coimín na Roinne, Oliver Plunkett as Baile an Bheileogaigh agus Gerry Levins ó fhoireann na Sceirí as comórtas an-spórtúil.  

 

Ba iad Peter Moore, Ronnie Delaney, Nick Savage, Noel Dunne, An Captaen Alan Carroll, Eddie Madden, Breda Finnegan, Jimmy Browne, James Browne & Tommy McCann an Fhoireann as Baile Bachaille a bhuaigh.

 

Duaiseanna eile,

  • An pionna is gaire sa chéad bhabhta Peter Moore as Baile Bachaille.
  • An pionna is gaire sa dara babhta Leo Gibney as Baile an Bheileogaigh.
  • An pionna is gaire sa Chluiche Ceannais Richard 'Bross' Kiernan as Coimín na Roinne A.
  • Poll i gceann amháin sa chéad bhabhta ar an 12ú Richard 'Bross' Kiernan as Coimín na Roinne A.