Fáiltíonn an Chomhairle roimh an dul chun cinn atá á dhéanamh ar thionscadal na n-oibreacha feabhais i Mullach Íde.

Tá fáilte curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall roimh an dul chun cinn suntasach atá déanta ar thionscadal Oibreacha Feabhais Fhaiche an tSráidbhaile i Mullach Íde, oibreacha a bhfuiltear ag súil a gcuirfear críoch leo roimh dheireadh na bliana.

Green 2

Tá an tionscadal á stiúradh ag Rannán Páirceanna agus Bonneagar Glas na Comhairle agus tá sé mar aidhm leis caighdeán fhaiche an tsráidbhaile a athbheochan agus a fheabhsú agus an spás oscailte a fheabhsú mar cheantar a dtabharfaidh daoine cuairt air agus a mbainfidh siad taitneamh as. 

Tá na hoibreacha á gcur i gcrích ag cuideachta atá lonnaithe i Mullach Íde, Peter O’Brien & Sons Landscaping Ltd, an chuideachta ar ar bronnadh an conradh mar thoradh ar phróiseas tairisceana iomaíoch.

Is ionann an scéim agus cuid den Straitéis Ríocht Phoiblí do Mhullach Íde a d’fhorbair Comhairle Contae Fhine Gall in 2014. D'eascair an plean faofa d’Fhaiche an tSráidbhaile as dianphróiseas comhairliúcháin phoiblí agus ba é Murray and Associates Landscape Architecture a dhear an plean a áirítear ann sraith feabhsuithe ar an ríocht phoiblí, lena n-áirítear pábháil nua agus troscán sráide a shuiteáil, an spás oscailte a ath-chomhrianú agus plandaí a chur.

Is fianaise é an tionscadal seo ar nasc tábhachtach idir an timpeallacht thógtha agus nádúrtha, agus beidh spás athdheartha iontach á chur ar fáil do dhaoine a bhaineann taitneamh as an sráidbhaile agus as an bhfarraige.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Cúis áthais dom an dul chun cinn suntasach atá déanta i ndáil leis an tionscadal seo, d’ainneoin na moilleanna a cuireadh ar an obair mar gheall ar shrianta Covid-19. Cruthóidh an tionscadal seo pointe fócasach iontach nua do phobal na háite agus do chuairteoirí ar Mhullach Íde, agus táim ag súil le toradh na hoibre a fheiceáil gan mhoill.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Cuirfidh infheistíocht shuntasach Chomhairle Contae Fhine Gall sa tionscadal seo feabhas suntasach ar chroílár an tsráidbhaile, soláthrófar spás nua agus feabhsaithe do phobal na háite agus do chuairteoirí chun a scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as an saol. Neartóidh na hoibreacha seo an nasc idir An Fhaiche agus sráidbhaile Mhullach Íde agus cruthófar pointe fócasach agus aitheantas láidir laistigh den sráidbhaile agus feabhsófar na radhairc chósta ar féidir taitneamh a bhaint astu ón spás oscailte.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Matthew McAleese, Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagar Straitéiseach: “Cuirfidh an tionscadal seo, leis an leagan amach agus na háiseanna feabhsaithe, go mór leis an áis seo a bhfuil an-tóir air agus beidh gach duine in ann taitneamh a bhaint as an sráidbhaile.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Kevin Halpenny, an tOifigeach Sinsearach Páirceanna: “Is sampla iontach é rannpháirtíocht phobal na háite i bpróiseas pleanála agus dearaidh athfhorbairt na Faiche de na buntáistí a bhaineann le hionchur phobal na háite i dtionscadail a bhaineann leis an ríocht phoiblí. Taitneamhacht iontach a bheidh sa spás nua athshamhalta do phobal na háite chun taitneamh a bhaint as.”