An Scéim Cúnaimh Airgeadais d’Imeachtaí agus Féilte 2020

Sheol Aonad Imeachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall a ghairm ar iarratais do ghrúpaí agus eagraíochtaí a lorgaíonn cúnamh airgeadais d’Fhéilte agus Imeachtaí a thitfidh amach in 2020.

Malahide Castle concert series

Glacfar le hiarratais ar imeachtaí nó féilte reatha agus/nó nua a dhéanann spásanna poiblí a thabhairt chun beochta ar bhealaí cruthaitheacha agus/nó nuálacha agus/nó atá dírithe ar thionchar intomhaiste turasóireachta a fhorbairt sa Chontae.

Caithfidh páirtithe ar spéis leo roinnt critéir cháilitheachta eile a shásamh, an méid seo a leanas ina measc:

  • Caithfear daoine a mhealladh chun freastal ar na himeachtaí, go ginearálta, agus caithfidh siad a bheith cuimsitheach i dtaobh cúrsaí sóisialta de.
  • Caithfidh na himeachtaí a léiriú go soiléir gur féidir leo tairbhí geilleagracha, sóisialta agus/nó cultúrtha a chruthú.
  • Caithfidh na himeachtaí cur le féilire imeachtaí an Chontae maidir le cuairteoirí thar lear a mhealladh.
  • Caithfidh na himeachtaí cuspóir an Aonaid Imeachtaí a bhaint chun clár ilchineálach imeachtaí a chur le chéile i gcaitheamh na bliana, leathadh ábhair, séasúrach agus tíreolaíoch ina measc.
  • Caithfidh na himeachtaí inbhuanaitheacht airgeadais agus an acmhainneacht a léiriú chun an t-imeacht a fhorbairt.
  • Caithfidh na himeachtaí plean caidrimh phoiblí agus margaíochta soiléir a bheith acu, straitéis meán sóisialta ina measc chun an t-imeacht a chur chun cinn go gníomhach.

Tacaíonn Aonad Imeachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall leis an turasóireacht trí Straitéis Turasóireachta Fhine Gall 2017-2022 agus le gnólachtaí inár mbailte trí chlár fadréimseach imeachtaí.

Ó cruthaíodh an tAonad Imeachtaí in 2010, tá méadú bliain ar bhliain tagtha ar líon na n-imeachtaí atá á gcur ar siúl agus a dtacaítear leo gach bliain. Meascán atá sa chlár d’imeachtaí féin Chomhairle Contae Fhine Gall, imeachtaí i gcomhpháirtíocht le comhlachtaí eile a bhfuil a mhacasamhail de chuspóirí acu agus imeachtaí a reáchtálann eagraithe seachtracha a fhaigheann ranníocaíochtaí díreacha cistithe ó Chomhairle Contae Fhine Gall trí chlár cúnaimh airgeadais.

Is é an dáta deiridh d’iarratais ar chistiú 3pm Dé Máirt, an 17 Nollaig 2019 d’imeachtaí a thitfidh amach in 2020.

Chun na Critéir Cháilitheachta agus Iarratas a íoslódáil, cliceáil anseo.

Chun teacht ar bhreis faisnéise agus foirm iarratais, seol ríomhphost, le do thoil, chuig ev%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected] .