Tá Sé Thar Am Rith Mórthimpeall Do Bhaile

Orienteering Ardgillan

D’eagraigh Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirtíocht le Club Treodóireachta Fhine Gall agus Cumann Treodóireachta na hÉireann agus le tacaíocht ó Spórt Éireann tríd an gCiste um Chuntais Díomhaoine tionscnamh treodóireachta nuálach darb ainm ‘Rith Mórthimpeall Do Bhaile.’

Beidh an clár atá oscailte do gach duine ar siúl ón 23 – 30 Meán Fómhair agus an t-aon riachtanas ná go bhfuil fón agat.   

Is éard atá i gceist leis ná rannpháirtithe ag rith cúrsa gairid, meánach nó fada mórthimpeall a mbaile in ord speiceasach ag úsáid léarscáil a íoslódáiltear ar d’fhón. Cé go bhfuil clár na gcinnirí ann chun amanta a chur i gcomparáid lena chéile, is é  príomhchuspóir an tionscnaimh blaiseadh den treodóireacht a thabhairt do dhaoine agus daoine a spreagadh le bheith gníomhach ina bpobal.

Roghnaíodh cúig bhaile don chéim tosaigh seo den tionscnamh; Baile Brigín, Caisleán Cnucha, Lusca, Mullach Íde agus Baile an Tirialaigh. Táthar ag súil go mbeadh suim leordhóthanach ann go bhféadfaí níos mó ceantar timpeall Fhine Gall a mhapáil le cúrsaí treodóireachta chun deis a thabhairt do dhaoine triail a bhaint as treodóireacht ina gceantar féin.

Dúirt Méara Fhine Gall an Comhairleoir David Healy: “Is forbairt iontach í an tionscnamh ‘Rith Mórthimpeall Do Bhaile’ agus is bealach iontach é chun daoine a spreagadh le bheith gníomhach sa phobal. Sa domhan nua seo de shrianta taistil agus gluaiseacht laghdaithe idir tíortha agus réigiúin imeachta tá gníomhaíocht á cur chun cinn aige i do cheantar agus tá súil agam go mbeimid in ann an tionscnamh seo a thairiscint do gach baile i bhFine Gall.”

Dúirt AnnMarie Farrelly Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Chonaiceamar go léir na buntáistí a bhaineann le gníomhaíocht choirp le cúpla mí anuas agus is iontach an rud é tionscnamh a fhorbairt mar thoradh ar phaindéim Covid. Léiríonn sé tiomantas Fhine Gall oibriú laistigh den phobal chun tionsnaimh thábhachtacha sláinte agus folláine a sholáthar ar bhealach spraíúil.”

Dúirt Stiúrthóir Seirbhísí Tithíochta & Pobail, Margaret Geraghty: “Is tionscnamh iontach é an tionscnamh ‘Rith Mórthimpeall do Bhaile’ de chuid Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall.  D’oibrigh an Oifig Spóirt go crua le roinnt míonna anuas chun teacht ar bhealaí nua agus nuálacha chun daoine a choinneáil gníomhach agus rannpháirteach sa spórt le linn na paindéime. Cuireann sé breis feabhais le háiseanna i mBaile Brigín, Caisleán Cnucha, Lusca, Mullach Íde agus Baile an Tirialaigh agus soláthraíonn sé uirlis áineasa, ar féidir lena cónaitheoirí a úsáid ag am a oireann dóibh.”

Má tá suim agat clárú nó más mian leat níos mó a fháil amach faoin tionscnamh ‘Rith Mórthimpeall Do Bhaile’ téigh le do thoil chuig https://bit.ly/33vEdXG nó seol ríomhphost chuig [email protected]