Laghdú Cánach Maoine Áitiúil 10% A Choinneáil ríthábhachtach chun seirbhísí na Comhairle a chothabháil

Millennium Park (002)

Vótáil na comhaltaí tofa i bhFine Gall le 30 vóta go seacht, le staonadh ó vótáil amháin, chun glacadh leis an tairiscint chun an laghdú 10 faoin gcéad a choinneáil. Tá rogha ag comhairleoirí gach bliain coigeartú de suas le 15 faoin gcéad a dhéanamh sa Cháin Mhaoine Áitiúil. Ciallaíonn an vóta go bhfanfaidh Billí Cánach Maoine Áitiúil i bhFine Gall gan athrú don cheathrú bliain as a chéile.

 

Infheisteoidh Comhairle Contae Fhine Gall an €2 milliún atá ar fáil anois mar thoradh ar an gcinneadh i bpobail áitiúla thar raon seirbhísí éagsúla agus dúirt an Príomhfheidhmeannach go bhfuil an tsuim seo ríthábhachtach i bhfianaise an bhrú atá ar bhuiséid na Comhairle.

 

Dúirt Iníon Farrelly: “Tá gá le cinneadh na mball tofa an laghdú 10 faoin gcéad a choinneáil chun seirbhísí a chothabháil don bhliain seo chugainn. Toisc go bhfuil dúshláin deacra bhuiséadacha romhainn anois mar gheall ar thionchar na paindéime COVID-19. Mar a tharla sna trí bliana roimhe seo, tabharfaidh an cinneadh seo maoiniú €2 milliún a bheidh imfhálaithe do raon seirbhísí do réimsí tábhachtacha mar thithíocht, páirceanna agus spásanna oscailte, oibríochtaí, pobail agus leabharlanna.

 

“Leanfaidh Foireann Bainistíochta na Comhairle ag obair go dlúth leis an nGrúpa um Beartas Corparáideach agus leis na páirtithe polaitiúla éagsúla chun Buiséad 2021 a chomhaontú. Is é an príomhchuspóir atá againn a chinntiú go ndéantar ár seirbhísí oibríochta a chothabháil. Níl aon amhras ach go ndearna €2 milliún breise sa bhliain le caitheamh ó 2018 difríocht ar fud an chontae agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gComhaltaí Tofa as a dtacaíocht leanúnach.”

 

Is féidir an plé ar an gCáin Mhaoine Áitiúil ag cruinniú míosúil Mheán Fómhair a fheiceáil ag www.fingal.ie.