An Taipéis ‘Mná Fhine Gall’ Seolta
Tá mná Fhine Gall léirithe i dtaipéis! Mar chuid den Chlár Éire Ildánach, tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall an Taipéis ‘Mná Fhine Gall’ a sheoladh. Léiríonn an Taipéis, arna cruthú ag an ealaíontóir Agnieszka ‘Uisce’ Jakubczyk, gnéithe de shaol mhná Fhine Gall i gcaitheamh na n-aoiseanna.