Osclaíonn Comhairle Contae Fhine Gall dhá chlós súgartha nua i mBaile Brigín
Tá gliondar croí ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt gur osclaíodh dhá chlós súgartha nua i mBaile Brigín. D’oscail Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien, clós súgartha an Ardáin Bhanna Ceoil i ngar don Túr Martello agus clós súgartha Shráid na Cé go hoifigiúil i gcuideachta an Phríomhfheidhmeannaigh AnnMarie Farrelly.