An chéad Féile Sacair Siúil den bhliain 2020 ar siúl san Airéine Náisiúnta faoi Dhíon

Participants at the Walking Football Festival

D'óstáil Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirtíocht le Cumann Peile na hÉireann, a céad Féile Sacair Siúil na bliana nua ar an bpáirc imeartha nua den chineál is úire san Airéine faoi Dhíon sa Champas Náisiúnta Spóirt i mBaile an Aba.

Ghlac os cionn 120 imreoir páirt ar an lá. Bhí foirne ann ó Bhaile Bhlainséir, Seantrabh, Baile Brigín, An Chúlóg, Fionnghlas, An Chabrach, Droichead Átha, Uíbh Fhailí, Cill Droichid, An Nás agus An tInbhear Mór. D'imir siad i dtrí ghrúpa chun áiteanna a bhaint amach sa bhabhta leathcheannais agus sa chluiche ceannais. Bhí an lá le Kildare Celtic, a bhuaigh in aghaidh Chill Droichid tar éis ciceanna pionóis i ndearbaí idir dhá fhoireann as Cill Dara sa bhabhta ceannais.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien, an méid seo faoin bhFéile: "Tá sé iontach a fheiceáil go bhfuil suim ag an oiread sin daoine os cionn 50 bliain d'aois páirt a ghlacadh i spórt agus fanacht gníomhach. Tá líon na ndaoine a bhfuil suim acu i Sacar Siúil, agus léiríonn sé sin an t-éileamh atá ar an spórt agus cé chomh fiúntach is atá an t-imeacht seo. "

Dúirt an tOifigeach Forbartha de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall/FAI, Paul Breen: "Ghlac 14 fhoireann páirt le linn lá iontach sacair, agus cruthaíonn sé sin nach mbíonn aon duine róshean le sult a bhaint as an spórt."

"Is spórt é sacar siúil atá dírithe ar dhaoine os cionn 50 bliain d'aois, agus is bealach iontach é dóibh fanacht gníomhach ó thaobh an choirp agus cúrsaí sóisialta de, fad a bhaineann siad sult as an gcluiche," a dúirt sé.

De réir mar a thagann méadú ar líon na ndaoine a ghlacann páirt, is é an aidhm atá againn grúpaí a roinnt ina 2 Roinn: 50 bliain go 60 bliain agus os cionn 60 bliain.

Dúirt Bainisteoir Pobail FAI, Gerry Reardon: "Táimid ag déanamh forbairt ar an bhformáid seo, agus táimid ag tnúth le Féile eile a chur ar siúl i gceann 6 seachtaine, nuair a roinnfimid foirne de réir aoise den chéad uair. Tá sé de rún againn dhá aoisghrúpa a bheith againn: 50idí agus os cionn 60. Creidimid go meallfaidh sé sin níos mó daoine chuig an spórt mar roimhe sin bhí daoine ar na foirne ón dá aoisghrúpa, agus anois beidh orthu cairde nua a lorg chun foirne sa dá aoisghrúpa a líonadh."

"Tá sé pleanáilte freisin Féile Loch Garman amháin a chur ar siúl ar 28 Feabhra agus tá plé ar bun le feiceáil an mbeidh sacar siúil mar chuid den bhFéile Sacair Sráide i nGaillimh i Márta," a dúirt sé.

Má tá suim ag aon duine páirt a ghlacadh i sacar siúil nó más mian leat tuilleadh sonraí a fháil faoi cá mbíonn Sacar Siúil ar fáil ina gceantar áitiúil, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh le Bainisteoir Pobail FAI Gerry Reardon ar g%65%72%72y.reard%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected] nó Oifigeach Forbartha Chomhairle Contae Fhine Gall/FAI Paul Breen ar [email protected]