Tá Comharthaí Nua Éigeandála 112 don Gharda Cósta Curtha in Airde ar Chosán Aille Bhinn Éadair

Emergency sign Howth Cliff Path

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall, in éineacht le hAonad Bhinn Éadair de chuid Garda Cósta na hÉireann agus ionadaithe ó ghrúpaí an phobail áitiúil, is iad sin Howth Pathways agus Coiste an Ordaithe um Limistéar Taitneamhachta Speisialta Bhinn Éadair, na comharthaí nua éigeandála ar Chosán Aille Íochtair Bhinn Éadair.

Tá na comharthaí nua lonnaithe ar an gCosán Aille Íochtair ó charrchlós Bhaile Scadán go dtí Red Rock. Aithníodh áiteanna de réir na mapála a rinne Garda Cósta na hÉireann ar na háiteanna ar tharla a lán teagmhas. Tá uimhir uathúil ag gach comhartha chun cur ar chumas Gharda Cósta na hÉireann daoine atá gortaithe nó i mbaol a aimsiú go tapa nuair a chuireann siad glaoch ar 112 agus a chuireann siad uimhir shuímh ar fáil.

Go minic, ní bhíonn cur amach ag cuairteoirí ar Bhinn Éadair a théann i sáinn agus iad ar an gcosán aille agus ní féidir leo suíomh cruinn a chur ar fáil do na seirbhísí éigeandála. Dá bharr sin, bíonn ar Gharda an Chósta dhá fhoireann chuardaigh nó os a chionn a chur amach chun daoine a aimsiú. Cailltear am luachmhar mar gheall air sin.

Dúirt Méara Fhine an Comhairleoir Eoghan O'Brien an méid seo a leanas faoi na comharthaí nua: "Is tionscnamh iontach sábháilteachta é an chomharthaíocht nua, agus tá sé tábhachtach ach go háirithe ag féachaint don líon mór daoine a thugann cuairt ar an gcosán aille."

Dúirt Fergus Cooney ó Aonad Bhinn Éadair Gharda Cósta na hÉireann: "Mar gheall ar na comharthaí nua, bhíothas ábalta i roinnt cásanna le déanaí freagairt a dhéanamh níos tapúla agus daoine a shroicheadh agus cóireáil a chur orthu".

 

Tá sé beartaithe an tionscnamh a shíneadh chuig ceantair eile i mBinn Éadair agus Fine Gall go luath.

Coastguard Sign Howth