Seoladh Taispeántais: What in the World – 50 Tír, 50 Scéal

“What in the World – 50 Countries, 50 Stories”

Tá an-áthas ar Leabharlanna Fhine Gall seoladh an taispeántais "What in the World – 50 Tír, 50 Scéal" i Leabharlann Bhaile Bhlainséir a fhógairt. Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien an taispeántas Dé Luain 3 Feabhra 2020.

Tá réimse scéalta ó gach cearn den domhan sa taispeántas, scéalta a bhaineann le cearta daonna a chuir an déantóir clár faisnéise de chuid RTÉ Peadar King le chéile. Tionscadal a sheol Peadar, KMF Productions, Cúnamh Éireann agus RTÉ is ea an taispeántas, agus déanann sé ceiliúradh ar an tsraith "What in the World" a bheith in os cionn 50 tír anois.

I measc na n-ábhar a chuirtear san áireamh tá: cogadh, bochtaineacht, an t-athrú aeráide, gnéasachas agus saincheisteanna ceartais shóisialta. Beidh an taispeántas ar siúl ar feadh coicíse i Leabharlann Bhaile Bhlainséir go dtí Dé hAoine, 14 Feabhra.

Ina aitheasc tosaigh, dúirt Méara Eoghan O'Brien: "Mar gheall gur labhair sé go díreach le daoine ar a raibh tionchar ag foréigean, cogadh, an t-athrú aeráide agus leatrom agus gur chuir sé a scéalta os ár gcomhair, tacaíonn Peadar King linn tuiscint a fháil go bhfuil daoine ag fulaingt go mór ar fud an domhain, ar daoine iad a bhfuil an dóchas, an uaillmhian agus na mianta céanna acu is atá againn. Cé go mbíonn sé sin míchompordach dúinn go minic, tá sé thar a bheith tábhachtach go dtugtar guth do na daoine daonna sin a fheicimid sna scéalta cráite sin ar an nuacht."

Labhair Peadar King faoin taispeántas ansin agus léigh sé sliocht as an leabhar is déanaí a d'fhoilsigh sé:  War, Suffering and the Struggle for Human Rights. Ina dhiaidh sin, chuir Leabharlannaí Fhine Gall Siobhán Walsh é faoi agallamh. Chuir sí ceisteanna faoinar spreag é agus an taithí a bhí aige ó thaobh scannánú a dhéanamh i roinnt de na háiteanna is mó ina bhfuil corraíl ar fud an domhain.

Labhair sé faoin tábhacht a bhaineann le deis labhartha a thabhairt do dhaoine beo bocht, daoine díshealbhaithe agus daoine faoi mhíbhuntáiste ar fud an domhain mar is annamh a chloistear a gcuid scéalta.

Bhain sé leas as an taithí a bhí aige ag déanamh scannánú san Afganastáin, san Iaráic, sa tSiria, sa Libia, sa tSomáil agus áiteanna eile ina bhfuil coimhlint. Labhair sé faoin ngá atá ann breathnú ar níos mó ná an staidreamh agus éisteacht le hachainí na ndaoine siúd a d'fhulaing mar gheall ar choimhlint mhíleata thionsclaíoch- tionchar fealltach an chogaidh. Tá na scéalta sin agus scéalta eile mar chroílár ag saothair King, saothair a théann siar fiche bliain.

I ndiaidh an agallaimh, ghlac Peadar páirt i seisiún ceisteanna agus freagraí leis an lucht éisteachta. D'fhiafraigh na daoine a bhí ann réimse ceisteanna suimiúla agus cheap siad go raibh freagraí  Pheadair faisnéiseach agus spéisiúil.

I measc na ndaoine a bhí ann, bhí dalta Idirbhliana ó Choláiste Pobail Bhaile Lotrail agus Meánscoil Oideachas le Chéile Pháirc Hans, chomh maith le grúpa daltaí a fhaigheann scolaíocht bhaile.

Dúirt an Leabharlannaí Contae, Betty Boardman: "Tá an-áthas orainn go bhfuil "What in the World" ar taispeáint i Leabharlann Bhaile Bhlainséir. Labhair Peadar ag comhdháil faoin Éigeandáil Aeráide a d'eagraigh Leabharlanna Fhine Gall anuraidh, agus chuir sé an drochdhóigh atá ann i ndomhan atá ag athrú ar shúile an luchta féachana. Ní hamháin go n-insíonn an taispeántas seo na scéalta daonna atá taobh thiar den athrú aeráide, ach insíonn sé na scéalta atá taobh thiar de chogadh agus leatrom freisin. Bhogfadh sé do chroí agus tá go leor eolais ann. Gríosaím an pobal teacht chuig Leabharlann Bhaile Bhlainséir chun an taispeántas a fheiceáil sula gcríochnaíonn sé ar 14 Feabhra."