Dearadh nua do Sheanteach Cúirte Bhinn Éadair agus tús curtha leis na hoibreacha athchóirithe

Beidh cuma nua ar Sheanteach Cúirte Bhinn Éadair go luath mar go bhfuil tús curtha leis an obair athchóirithe ar an struchtúr stairiúil ar Bhóthar an Chuain agus leanfar leis na hoibreacha as seo go ceann cúpla mí.

Tá Tolmac Construction Ltd ceaptha mar an príomhchonraitheoir ag Roinn Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Turasóireachta Chomhairle Contae Fhine Gall chun an obair athchóirithe a dhéanamh ar Sheanteach Cúirte Bhinn Éadair. Cuireadh tús leis na hoibreacha ag tús Eanáir 2020 agus táthar ag súil go dtógfaidh sé thart ar shé mhí chun na hoibreacha a chur i gcrích.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien: “Is dea-scéala é athchóiriú Theach Cúirte Bhinn Éadair agus tá géarghá leis an obair seo a dhéanamh ag suíomh stairiúil chomh tábhachtach leis. Cúis áthais freisin is ea gur spás poiblí tábhachtach a bheidh ann i gcónaí do phobal Bhinn Éadair mar aon le pointe lárnach eolais do thurasóirí.”

Is struchtúr cosanta é an foirgneamh atá suite ag suíomh feiceálach ag acomhal Bhóthar an Chuain agus Shráid an Teampaill sa bhaile. Ciallóidh an obair athchóirithe go mbeidh an pobal in ann níos mó úsáide a bhaint as an bhfoirgneamh mar go mbeidh sé níos éasca dul chomh fada leis.

Nuair a bheidh na hoibreacha curtha i gcrích, athlonnófar oifig eolais do thurasóirí Thurasóireacht Fhine Gall ó chábán sealadach ar Bhóthar an Chuain agus coinneofar an príomh-halla mar spás solúbtha a bheidh ar fáil don phobal.

Gné shuntasach den obair é clós iontrála nua a thógáil ar an taobh thiar chun rampaí rochtana a chur ar fáil agus chun deis a thabhairt do gach duine dul chomh fada leis an bhfoirgneamh. Beidh spás taitneamhachta nua ardaithe le suíocháin ag breathnú amach i dtreo an chuain le fáil sa chlós iontrála nua tírdhreachaithe. 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is sampla eile é an obair athchóirithe ag Teach Cúirte Bhinn Éadair ar ár dtiomantas leanúnach infheistíocht a dhéanamh in oidhreacht Fhine Gall. Soláthróidh an foirgneamh athchóirithe spás poiblí atá ag teastáil go géar do phobal Bhinn Éadair.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Emer O’ Gorman, Stiúrthóir na Roinna Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Turasóireachta: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag leanúint le hinfheistíocht a dhéanamh in oidhreacht an chontae agus soláthróidh athchóiriú an tSeantí Cúirte i mBinn Éadair spás athchóirithe don phobal.”

Leanfar leis na hoibreacha athchóirithe sna míonna amach romhainn in 2020 agus táthar ag súil go mbeidh an obair ar fad críochnaithe taobh istigh de shé mhí.