Seolann Comhairle Contae Fhine Gall an Clár Maoinithe do Thionscadail Samhraidh 2020

Sheol Comhairle Contae Fhine Gall a Clár Tionscadal Samhraidh 2020. Tá sé ar fáil do ghrúpaí a chuireann seirbhísí fóillíochta agus oideachais ar fáil do dhaoine óga le linn an tsamhraidh.

 Spreagann an Rannóg Pobail, Cultúir agus Spóirt grúpaí agus tionscadail phobail iarratas a chur isteach ar dheontas a chuireann fóirdheontas ar fáil chun ceannairí tionscadail a chumasú Tionscadal Samhraidh rathúil a chur ar siúl.

 

Is féidir leis an scéim tacaíocht a chur ar fáil do réimse leathan gníomhaíochtaí a dhíríonn ar an leanbh. Ba cheart go leagfadh tionscadail béim ar fheasacht chomhshaoil, feasacht phobail/shibhialta, gníomhaíochtaí idirchultúrtha agus imeasctha agus gníomhaíochtaí spóirt/fóillíochta.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú suas le €2,000 in aghaidh an tionscadail.

Chun iarratas a dhéanamh, tugtar cuireadh do ghrúpaí Foirm um Léiriú Spéise maidir le Tionscadail Samhraidh a chomhlánú agus a chur isteach roimh an Aoine, 28 Feabhra. Tá foirmeacha ar fáil ar https://www.surveymonkey.com/r/5MY27WY. Tabhair do d'aire nach mbeidh ach grúpaí a chomhlánaíonn an Fhoirm um Léiriú Spéise ar Survey Monkey i dteideal iarratas a chur isteach ar Mhaoiniú do Thionscadail Samhraidh i 2020.

 

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le Niamh McCormack ar 01 8906220 nó seol ríomhphost chuig [email protected]