Osclaíonn Comhairle Contae Fhine Gall dhá chlós súgartha nua i mBaile Brigín

Quay Street Playground

Tá gliondar croí ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt gur osclaíodh dhá chlós súgartha nua i mBaile Brigín. D’oscail Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien, clós súgartha an Ardáin Bhanna Ceoil i ngar don Túr Martello agus clós súgartha Shráid na Cé go hoifigiúil i gcuideachta an Phríomhfheidhmeannaigh AnnMarie Farrelly. Thug na leanaí díograiseacha ó Scoil Náisiúnta Naomh Molaga le fios go bhfuil siad sona sásta leis an gclós ar an lá.  I láthair ag an oscailt, chomh maith, bhí baill de Choiste Clós Súgartha Bhaile Brigín agus na Comhairleoirí áitiúla Tony Murphy agus Gráinne Maguire agus an t-iar-Chomhairleoir Malachy Quinn, a raibh baint mhór acu leis an tionscadal ón tosach.  

 

Aithníonn Comhairle Contae Fhine Gall an tairbhe mhór a bhaineann le hinfheistiú a dhéanamh i súgradh leanaí mar cheann de na rudaí tábhachtacha is féidir linn a dhéanamh chun feabhas a chur ar shláinte agus folláine leanaí.  Dearadh na clóis súgartha chun samhlaíocht leanaí a mhúscailt agus a suíomh féin a ghlacadh sa tírdhreach agus d’eascair siad as comhairliúchán agus idirchaidreamh  fairsing a rinneadh leis an bpobal áitiúil.  Rinneadh láthair an chlóis súgartha a fhéachann amach ar chuan Bhaile Brigín deilbhín Chlós Súgartha an Ardáin Bhanna Ceoil a spreagadh agus tá téama muirí aige, macasamhail den teach solais íocónach san áireamh. Chomh maith leis sin, spreag láthair an chlóis súgartha taobh leis an tarbhealach iarnróid dearadh Shráid na Cé, a bhfuil téama iarnróid aige.

 

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien:   “Tá gliondar croí orm a bheith ar ais i mBaile Brigín agus na clóis súgartha seo á seoladh i ndiaidh Páirc Scátála nua an bhaile a sheoladh anuraidh. Tá na saoráidí nua súgartha seo mar chuid d’fhreagairt Chomhairle Contae Fhine Gall do dhul i ngleic leis an easnamh bonneagair i mBaile Brigín.  Is iontach sceitimíní na leanaí ó Scoil Naomh Molaga a bhfuil triail á baint acu as na clóis súgartha inniu a thabhairt faoi deara.”

 

Tá baint lárnach ag rannpháirtíocht áitiúil maidir leis an mbealach a dhéanann Comhairle Contae Fhine Gall gnó agus a sholáthraíonn sé seirbhísí agus dearadh agus forbraíodh na clóis súgartha le tacaíocht ó Choiste an Chlóis Súgartha agus i ndiaidh idirchaidreamh forleathan leis an bpobal áitiúil.  Chuir ionadaí ó Choiste Chlós Súgartha Bhaile Brigín fáilte roimh oscailt na gclós súgartha agus ghabh sé buíochas le baill an choiste as ucht a dtiomantais don tionscadal le himeacht na mblianta.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Is rímhór an sásamh dom a bheith anseo chun na clóis súgartha seo a oscailt agus ba mhian liom Kevin Halpenny agus foireann na bPáirceanna a mholadh as an dúshlán a shárú a chruthaigh na tionscadail seo a sholáthar sna chéad 12 mhí de phlean Athnuachana Ár mBaile Brigín.  Dhírigh Comhairle Contae Fhine Gall ach go háirithe ar Bhaile Brigín ar feadh roinnt blianta agus leanfaidh sé ag oibriú chun an bonneagar a sholáthar chun freastal ar riachtanais an bhaile agus daonra óg agus éagsúil an bhaile.”

 

Tá tiomantas chun feabhas a chur ar an líon saoráidí súgartha agus aclaíochta poiblí sa bhaile ar cheann de “ na 20 rud atá le baint amach laistigh de 12 mhí” a chuimsítear i bPlean Athnuachana Bhaile Brigín.  Cuirfidh na clóis súgartha seo agus an Pháirc Scátála a osclaíodh go déanach in 2019 áiteanna sábháilte ar fáil inar féidir le leanaí i mBaile Brigín spraoi a bheith acu agus tabhairt faoi ghníomhaíocht shláintiúil taobh amuigh.  Tá cistiú caipitil suntasach geallta ag an gComhairle do Bhaile Brigín agus rinneadh dul chun cinn láidir ar phleananna do Pháirc Réigiúnach Bhrí Mhór, Bealach Cósta Fhine Gall agus scéimeanna rothaíochta agus coisithe do Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill.

Quay st playground children
Bandstand Playground
Children Mayor Quay Street
Mayor with Children at Bandstand playground